Archive for September, 2006

Líonra 1.5 - Yeah Yeah

Thursday, September 28th, 2006

Úrscéil ghrafacha le buachaint i gComórtas na Seachtaine!Tá sé ar an raidio! Tá sé ar an idirlíon! Tá sé thart timpeall ort! Tá sé i do phóca!Tá An Líonra Sóisialta “ar an aer”! Seoladh é Dé Luain, agus tá an colún seo mar chuid den gcúigiú clár sa tsraith.Chaitheamar súil ar fhiniméin na blagadóireachta an tseachtain seo agus ar na líonraí sóisialta cosuil le Bebo.Chuireamar féin cos sa tsruth áirithe sin: tá leathanach Bebo seolta againn ag anlionra.bebo.com. Níor thóg sé ach cúpla nóiméad é a chur le chéile, agus taobh istigh do chupla lá bhíomar ag bailiú ga gcarad! Tá na Gaeilgeoirí óga go tréan ar Bebo, ag Gaeilgeoireacht gan náire agus ag dul i bhfeidhm ar a gcomrádaithe.

Tá an colún seo foilisithe inniu sa nuachtán Lá.

Ní h-aon iontas gurb é Bebo céad-rogha an aois óig. Tá leathanach Bebo ag breis agus 80% de dhaltaí meánscoile na tíre. Deintear gach iarracht an “teicniúlacht” a sheachaint ar an suíomh. Agus tá sainmhíniú an-leathan acu ar cad is “teciniúlacht” ann: “Need instructions on how to Copy and Paste? Click here>>”.

Ní miste é a rá arís: ní foláir smaoineamh i gcónaí sara bhfoilsíonn tú aon eolas pearsanta ar an idirlíon. Ach is cosúil go mbraitheann daoine óga sábhalta, don chuid is mó ar shuíomhanna cosúil le Bebo. Is féidir claíocha a thógaint, agus codanna ded’ shuíomh a cheilt ar éinne ach amháin do cháirde. Agus tá comhairle mhaith ag lucht Bebo ar chúrsaí sábhaltachta ag bebo.com/SafetyTips.jsp.

Mar a dúramar an tseachtain seo ar an gclár, níl aon eagarthóir ar an idirlíon – agus níl aon chinsireacht ann ach oiread. Agus nuair atá rud éigin foilsithe, ní féidir é a tharrac siar. Bhí blaganna na hÉireann ar lasadh an tseachtain seo le trácht ar an bpearsa cáiliúil Éireannach a d’fhág glórphost nimhneach graosta ar fhón a fear chéile atá scartha léi.

Is féidir féachaint ar bhlaganna ar shlí, mar “Bebo Fásta Suas”. Níl an bhéim chéanna ar cháirde a ainmniú agus ar bheannachtaí a sheoladh eatarthu. Mar a mhíníonn Hilary Mhic Shuibhne an scéal, foilsíonn sí ar mhaithe léi féin, gan chuimhneamh ar an lucht léite, ach tagann siadsan mar sin féin: daoine ar suim leo na h-ábhair chéanna.

Is blag pearsanta é blag Hilary: caitheamh aimsire di féin, agus tacaíocht dos na daltaí lena múineann sí an Ghaeilge (daltai.com). Ach ní h-iad an caitheamh aimsire, ná an gné sóisialta, bun agus barr na mbuntáistí atá ag an mblagadóireacht. Sonraíonn onstartups.com na fáthanna gur chóir do ghnólachtaí úra blagáil: chun comh-bhunaitheoirí eile a aimsiú; chun fostaithe a aimsiú; chun custamaeirí a aimsiú; chun aischothú a fháil agus chun infheisteóirí a aimsiú.

Athchoimríonn scoth-bhlagadóir gnó na hÉireann, James Corbett, an liosta sin thuas in aon fhocal amháin: “líonrú”. “I blog to network”, a deir sé, a rá go bhfuair sé cuireadh chun dinnéir ó fhear i mBoston tar éis gur scriobh sé ar a bhlag go raibh sé chun cuairt a thabhairt ar an gcathair sin.

Sin é an líonrú atá faoi chaibidil againn ar An Líonra Soisialta. Ach cad é an “tá sé i do phóca” seo agam?

Bhuel, tá! Cuir do lámh i do phóca agus tarraing amach d’fhón. Feách ar liosta na n-uimhreacha guthán atá stóráltha agat ann. Sin é do “Líonra Sóisialta”. Gaolta, cáirde, siopaí, scoileanna, gnólachtaí – gach aon cheann acu ar fáil agat, ar iompú do bhoise! Sin é an Líonra Sóisialta So-ghluaiste, agus is é a bheidh ar chlár na seachtaine seo chugainn againn, ar an raidio, agus ar AnLionra.Com.

Comórtas na Seachtaine

Tá cóip amháin le bronnadh againn de gach leabhar i sraith na n-úrscéal ghrafach le Cló Mhaigh Eo.

  • An Táin
  • An Tóraíocht
  • An Sclábhaí
  • An Teachtaire

Cuir freagra na ceiste seo chugainn: Cén sean-ainm a bhí ar Chúchulainn sara fuair sé an t-ainm ‘Cúchulainn’?

Ábhar na seachtaine seo chugainn: Fóin Phóca.

Líonra 1.4 - Ríomh-aithne, Blag-aithne, Skype-aithne

Thursday, September 28th, 2006
  • Cuid 2 den agallamh leis an mblagadóir Hilary Mhic Shuibhne.
  • Dar le Hilary, ní h-é go ndíríonn an blagadóir ar aicme ar leith éisteoirí agus go bhfreastalaíonn sí orthu. Is féidir leis an mblagadóir scriobh ar an ábhar is suim léi féin. Má tá pobal ann a bhfuil suim acu san ábhar céanna, bainfidh siad do bhlag amach.
  • Pléitear na meáin nua idirlín agus deintear tagairt don suíomh físe youtube.com
  • Ceol Podslán: Harvest le Hungry Lucy (Gréasán Podslán).
  • Nuacht an Líonra le Fiona Ní Chéirín

Líonra 1.3 - Blagadóirí agus Bebóirí

Tuesday, September 26th, 2006

Líonra 1.2 - Hilary NY

Monday, September 25th, 2006

Líonra 1.1 - Bígí Linn!

Monday, September 25th, 2006

  • Guth an Phobail: Cuirfear fáilte roimh bhúr dteachtaireachtaí
    • Fág teachtaireacht ar an suíomh seo! Is féidir “tráchtaireacht” a fhágaint ag deireadh gach míre.
    • Cuir ríomhphost: eolas@anlionra.com. Geobhaidh tú nuachtlitir sheachtainiúil.
    • Glaoigh orainn, nó seol téacs! 087 2602205
  • Beidh comórtas againn gach seachtain.
  • Seo iad na ábhair eile a bheidh faoi chaibidil:
    • An bhlagadóireacht agus Bebo
    • Fóin Phóca
    • Ceol agus MP3
    • Podchraoladh
    • Grianghrafadóireacht agus Fís
    • Léarscáileanna & Saolta Fíorúla
    • Wiki agus Obair Dheonach ar an nGréasán.
    • Cláracha Plé & Polaitíocht.
    • Oideachas & An Ghaeilge
    • Na hEalaíona & Cóipcheart
    • Iriseoireacht agus Foilsitheoireacht

Líonra Beta 5: Naisc Bhlasta!

Friday, September 15th, 2006

 

Agus tú ag scimeáil an ghréasáin, tarlaíonn sé go minic.  Tagann tú ar leathanach suimiúil ach níl an t-am agat é a léamh anois.  É sin, nó beidh tú ag iarraidh cuairt a thabhairt air arís i gceann seachtaine chun an nuacht is déanaí a fháil.  “Fadhb ar bith”, a deir tú – “cuirfidh mé an nasc i dtaisce”.

Tá an áis seo ag gach aon bhrabhsálaí gréasán.  Tugtar “Leabharmharcanna” air in Firefox, agus “Roghanna” in Internet Explorer.  Sábháileann tú an nasc: “Add to Favourites”, agus is feidir an leathanach a aimsiú gan stró arís nuair is mian leat é.

Ach is minic sa lá tá inniu ann go mbíonn cuid mhaith daoine ag gabháil don idirlíon i níos mó ná áit amháin.  Bíonn an t-idirlíon san oifig acu, bíonn sé sa bhaile, bíonn sé ar ríomhaire glúine, nó ar ríomhaire boise, nó fiú ar fón póca.  Má thugann tú cuairt ar cháirde nó ar ghaolta, b’fhéidir go mbainfeá úsáid as ríomhaire leo siúd, nó dfhéadfá bualadh isteach go dtí café idirlín.

Na leabharmharcanna a shábháileann tú ar ríomhaire amháin, is ar an ríomhaire sin amháin a bheidh siad ar fáil feasta.  Ní féidir le aon duine eile leas a bhaint astu ach amháin tusa – agus ní féidir leatsa an méid sin féin a dheánamh ach amháin ar an ríomhaire sin.

Tá módh ann, áfach,, chun an fhadhb seo a shárú.  In ionad do leabharmharcanna a shábháil ar do ríomhaire, go h-áitiúil, is féidir iad a shábháil ar an idirlíon féin, le seirbhís cosúil le del.icio.us.

Mar shampla, is féidir torthaí mo chuid leabharmharcála féin a fheiscint ag del.icio.us/imeallach.  Meascán mearaí is ea é – ar an gchéad sracfhéachaint: mearbhall m’intinne!  Ach tá cabhair ar fáil ó chóras lipéadaithe del.icio.us, chun ciall agus eagar a chur ar na nascanna go léir.

Ní amháin gur féidir leat nascanna idirlín a shábháil ar del.icio.us, ach is féidir leat lipéid a chur leis na nascanna, ag déanamh cur síos agus rannú orthu.  Mar shampla, féach na nascanna atá agam a bhfuil an lipéad “gaeilge” tugtha agam dóibh: del.icio.us/imeallach/gaeilge.

Níos fearr fós, féach ar del.icio.us/tag/gaeilge.  Seo iad na suíomhanna go léir a shábháil úsáideoirí éagsúla del.icio.us leis an “gaeilge” mar lipéad orthu.

Is féidir lipéid a mheascadh.  Mar shampla: del.icio.us/tag/gaeilge+music.  Chím sliocht deas suíomhanna ansin.  Cuid acu a shábháil mise, cuid acu a shábháil daoine eile.  Tá suíomh le Éilís Kennedy ann.  Tá sé tamall ó chuireas féin an nasc sin in del.icio.us.  Cuireann sé i gcuimhne dom go dteastaíonn uaim a cuid dlúthdhioscaí a cheannach.  Agus insíonn del.icio.us dom go bhfuil an suíomh sin marcáilte ag mo chara Keola Donaghy chomh maith – thall in Hawaii!

Tá i bhfad níos mó ná “leabharmharcáil” ar siúl anseo, más ea.  Is saibhre an t-eispéireas idirlín agam leis an gné sóisialta seo ann.  Ní fhéadfainn féin agus Keola a bheith níos faide óna chéile go fisiciúil ach, toisc an tsuim atá againn beirt sna h-ábhair cheánna, castar ar a chéile sinn go minic in deli.icio.us, agus in áiteann eile, mar shampla technorati.com/tag/gaeilge.

Sin é atá i gceist leis An Líonra Sóisialta.  Sin é a bheidh faoi chaibidil againn sa tsraith nua raidio a sheolfar ar an 25ú Meán Fomhair.  Beidh tuilleadh eolais ar suíomh an chláir anlionra.com.  Agus más suim libh féáchaint thar mo ghualainn agus mé ag bailiú ábhar don tsraith nua, coinnigh súil ar an sruth nasc idirlín ag del.icio.us/imeallach/donlionra.