Líonra Beta 5: Naisc Bhlasta!
Agus tú ag scimeáil an ghréasáin, tarlaíonn sé go minic. Tagann tú ar leathanach suimiúil ach níl an t-am agat é a léamh anois. É sin, nó beidh tú ag iarraidh cuairt a thabhairt air arís i gceann seachtaine chun an nuacht is déanaí a fháil. “Fadhb ar bith”, a deir tú – “cuirfidh mé an nasc i dtaisce”.
Tá an áis seo ag gach aon bhrabhsálaí gréasán. Tugtar “Leabharmharcanna” air in Firefox, agus “Roghanna” in Internet Explorer. Sábháileann tú an nasc: “Add to Favourites”, agus is feidir an leathanach a aimsiú gan stró arís nuair is mian leat é.
Ach is minic sa lá tá inniu ann go mbíonn cuid mhaith daoine ag gabháil don idirlíon i níos mó ná áit amháin. Bíonn an t-idirlíon san oifig acu, bíonn sé sa bhaile, bíonn sé ar ríomhaire glúine, nó ar ríomhaire boise, nó fiú ar fón póca. Má thugann tú cuairt ar cháirde nó ar ghaolta, b’fhéidir go mbainfeá úsáid as ríomhaire leo siúd, nó dfhéadfá bualadh isteach go dtí café idirlín.
Na leabharmharcanna a shábháileann tú ar ríomhaire amháin, is ar an ríomhaire sin amháin a bheidh siad ar fáil feasta. Ní féidir le aon duine eile leas a bhaint astu ach amháin tusa – agus ní féidir leatsa an méid sin féin a dheánamh ach amháin ar an ríomhaire sin.
Tá módh ann, áfach,, chun an fhadhb seo a shárú. In ionad do leabharmharcanna a shábháil ar do ríomhaire, go h-áitiúil, is féidir iad a shábháil ar an idirlíon féin, le seirbhís cosúil le del.icio.us.
Mar shampla, is féidir torthaí mo chuid leabharmharcála féin a fheiscint ag del.icio.us/imeallach. Meascán mearaí is ea é – ar an gchéad sracfhéachaint: mearbhall m’intinne! Ach tá cabhair ar fáil ó chóras lipéadaithe del.icio.us, chun ciall agus eagar a chur ar na nascanna go léir.
Ní amháin gur féidir leat nascanna idirlín a shábháil ar del.icio.us, ach is féidir leat lipéid a chur leis na nascanna, ag déanamh cur síos agus rannú orthu. Mar shampla, féach na nascanna atá agam a bhfuil an lipéad “gaeilge” tugtha agam dóibh: del.icio.us/imeallach/gaeilge.
Níos fearr fós, féach ar del.icio.us/tag/gaeilge. Seo iad na suíomhanna go léir a shábháil úsáideoirí éagsúla del.icio.us leis an “gaeilge” mar lipéad orthu.
Is féidir lipéid a mheascadh. Mar shampla: del.icio.us/tag/gaeilge+music. Chím sliocht deas suíomhanna ansin. Cuid acu a shábháil mise, cuid acu a shábháil daoine eile. Tá suíomh le Éilís Kennedy ann. Tá sé tamall ó chuireas féin an nasc sin in del.icio.us. Cuireann sé i gcuimhne dom go dteastaíonn uaim a cuid dlúthdhioscaí a cheannach. Agus insíonn del.icio.us dom go bhfuil an suíomh sin marcáilte ag mo chara Keola Donaghy chomh maith – thall in Hawaii!
Tá i bhfad níos mó ná “leabharmharcáil” ar siúl anseo, más ea. Is saibhre an t-eispéireas idirlín agam leis an gné sóisialta seo ann. Ní fhéadfainn féin agus Keola a bheith níos faide óna chéile go fisiciúil ach, toisc an tsuim atá againn beirt sna h-ábhair cheánna, castar ar a chéile sinn go minic in deli.icio.us, agus in áiteann eile, mar shampla technorati.com/tag/gaeilge.
Sin é atá i gceist leis An Líonra Sóisialta. Sin é a bheidh faoi chaibidil againn sa tsraith nua raidio a sheolfar ar an 25ú Meán Fomhair. Beidh tuilleadh eolais ar suíomh an chláir anlionra.com. Agus más suim libh féáchaint thar mo ghualainn agus mé ag bailiú ábhar don tsraith nua, coinnigh súil ar an sruth nasc idirlín ag del.icio.us/imeallach/donlionra.
- Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Nead na Lachan le Éilís Kennedy, cloiste ar Phodchraoladh Copperplate le Alan O’Leary (ar fáil in iTunes).
