10 mbliana, cothrom an lae inniu a chuaigh TG4 (Teilifís na Gaeilge) ar an aer, ar Oíche Shamhna 1996.
Cuirim agallamh ar leas-cheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha.
Tionscal na teilifíse Gaeilge agus an tionchar atá aige sin ar mheanma lucht na Gaeilge.
Ag iarraidh béasa a mhúineadh do Hiúdaí!
Neamhspleáchas TG4 ó RTÉ, agus ceist a mhaoinithe.
“Tiocfaidh an lá, agus b’fhéidir gurb í an Ghaeilge an t-aon slat tomhais idirdhealaithe a bheás idir an stáisiún s’againne agus an chuid eile den domhain, agus b’fhéidir gur buntáiste mór dúinn é sin”
Stráitéis idirlín TG4. “Tá an doras cúil sin iompaithe amach ina dhoras tosaigh eile”
Is minic a mhaítear nach ionann an borradh atá faoi chúrsaí teicneolaíochta i láthair na h-uaire agus an mire gan chiall a bhí ann sna blianta roimh phléascadh na “dot-coms” in 2001.
Measadh go raibh an ceacht foghlamtha ó na laethanta sin. Cé go bhfuil borradh athuair faoi na comhlachtaí teicneolaíochta, táthar i bhfad níos cúramaí an turas seo.
Bhuel, bhíothas níos cúramaí! Ansin, coicíos ó shin, cheannaigh Google comhlacht dárb ainm YouTube ar $1.6 billiún.
‘Sea, dúras “billiún”. 1600 milliún, mar a n-áirítear an focal sin de ghnáth i Meiriceá.
Caithfidh gur rud éigin ar leith é an YouTube seo, más ea. Bhfuil ‘fhios agat? Sílim gurb ea!
Líonra sóisialta atá in YouTube. Is féidir cúntas a oscailt. Is féidir cáirdeas a bhronnadh ar úsáideoirí eile. Is féidir teachtaireachtaí a scríobh lena chéile.
Le blaganna, cuireann tú téacs ar do shuíomh. Le Flickr, cuireann tú pictiúirí. Le MySpace, is féidir ceol a chur ar do leathanach. Le YouTube, is féidir leat físeáin a chur in aírde
Tá físeáin dá gcur in áirde ar YouTube ina mílte – agus tá na milliúin ag féachaint orthu. Is féidir leat do chuid físeanna amaitéaracha féin a dhéanamh, mar atá ar siúl ag roinnt mhaith daoine. Uaireanta tugtar videoblogs orthu seo. Tá samplaí maithe ag an usáiditheoir Happyslip ar YouTube, nó ag Irish Hermit, Gael i mBoston a chuireann a chuid físeanna ar shuíomh eile atá cosúil le YouTube, dailymotion.com.
Cuireadh an-shuim i sraith físeanna le úsáiditheoir darb ainm “lonelygirl15” ar YouTube. Bhí an cuma orthu seo gur gnáth-eachtraí déagóra a bhí in gceist, ina n-insíodh cailín darb ainm Bree a cuid scéalta lena ceamara gréasán, agus í ag caint faoina tuismitheoirí, faoina cáirde agus faoi rud ar bith a bhí ar intinn aici.
Bhí eachtraí Bree taitneamhach suimiúil – ró-shuimiúil, mheas daoine áirithe! Ba léir go raibh scríobhnóireacht déanta, agus eagarthóireacht chumasach ar an bhfís féin. Níorbh fhada go raibh an fhírinne nochtaithe. Léiriúchán proifisiúnta a bhí in eachtraí “lonelygirl15” le scriobhnóirí agus stiúrthóirí, agus ní raibh in Bree féin ach aisteoir ón Nua Shéalainn darb ainm Jessica Rose.
Is cósúil nach bhfuil lucht leanta Bree ró-bhuartha. Tá éileamh i gcónaí ar fhíseanna na sraithe, agus tá ualach físeanna ó úsáiditheoirí eile YouTube spreagtha in ómós do, agus in aithris ar an gcarachtaer!
Cuid mhaith den t-ábhar atá ar YouTube, áfach, ní ábhar úr in aon chor é. Tá an-chaint faoi na h-ábhair faoi chóipcheart - giotaí ó scannáin agus ó chláracha teilfíse - a chuireann lucht leanta na gclár sin in áirde ar an suíomh. Tá buairt faoi cheist na gceart, agus faoin mbagairt dlí a d’fhéadfadh a bheith ann do YouTube dá bharr.
Ainneoinn sin cloistear go mbíonn rannóga margáiochta na gcomhlachtaí teilifíse ag soláthar míreanna do YouTube, cé go bhfuil rannóga dlí na gcomhlachtaí céanna ag éileamh go dtabharfaí anuas iad!
Chun a bheith fírinneach, tá rud éigin fíor-shuimiúil ar siúl le h-ath-úsáid ábhair físe ar YouTube. Lean na lipéadaí “friends”, “ross” agus “rachel” go gchífidh tú an saothar - agus an paisean - atá curtha ag lucht leanta an chláir teilifíse úd ina bhfíseanna omóis do scéal na gcarachtaer seo.
Níl ann ach píosa siamsaíochta, dar ndóigh. Níl ann ach teilifís. Ach is teilifís de shaghas eile ar fad é YouTube, le rannpháirtíocht agus le h-idirghníomhácht nach bhfacthas riamh cheana. Bhfuil sé mí-shláintiúil? Cinnte, má théann tú thar fóir leis. Ach n’fheadarsa ach go bhfuil sé níos fearr ná a bheith caite ar an dtolg ag sú isteach a bhfuil curtha ar fáil duit, gan pháirt ar bith a ghlacadh san iarracht.
Beidh briseadh meántéarmach ar An Líonra Sóisialta Dé Luain seo chugainn, agus cuirfear tús le seachtain chraoltóireachta ar théamaí ar leith Dé Maírt, ar Oíche Shamhna, nuair a chraolfar eagrán speisialta mar chomóradh ar 10 mbliana TG4.
Tógann Dónal Ó Caoimh grianghrafanna, agus tá suim ar leigth aige i bpictiúirí de cheoltóirí. Tá scoth na bpictiúr ar a bhlag aige, agus ar a leathanach Flickr.
Tá camchuairt mearaí tugtha againn an tseachtain seo ar an gclár - thart ar shaol na podhraoltóireachta! Ní h-é go rabhamar ag iarradh scoth na bpodchraoltaí a thaispeáint daoibh – ach léargas a thabhairt ar an éagsúlacht mhór atá ar fáil.
D’fhéadfaí a rá, fiú, nach bhfuil aon bhaint ag focail cosúil le “scoth” i gcás na podchraoltoireachta. Tá rath agus éileamh ar phodchraoltaí nach sásódh caighdeáin na gnáth-chraoltóireachta ar thonnta raidio. Agus, chomh fada is atá an caighdeán fuaime réasúnta, ní ar na luachanna léirithe a mheastar na podchraoltaí ach ar an an bhfreastal a dheineann siad ar ábhar suime a lucht éisteachta.
Cé go bhfuil podchraoltaí ginearálta ann ag plé le h-ábhair ghinearálta, de ghnáth deineann na gnáthmheáin raidio agus teilifíse jab níos fearr le mórscéalta an lae. Ach ‘sé buntáiste mór na bpodchraoltaí ná gur féidir leo díriú go speisialta ar na mionscéalta agus ar an mionlach a bhfuil suim acu iontu.
Is minic a tugtar “narrowcasting” ar seo: rogha leathan ábhar foilsithe, gach ceann acu ag freastal ar phobal beag dílis.
Cuirim i gcás: pobal na gcluichí ríomhaireachta. Ainneoinn an dúil sa teicneolaíocht atá agam féin – fanaim glan amach ó chluichí ríomhaireachta. Tá eagla orm go súfaí isteach i bpoll meilte ama eile mé! (Tá an phodchraoltóireacht olc a dóthain!)
Ach is caitheamh aimsire taitneamhach iad na cluichí ríomhaireachta, agus gréasán beoga sóisialta chomh maith! Tugann fóirne “gamers” aghaidh ar a chéile go rialta i gcomhraicí idirlín. Ach, le cabhair an leathanbhanda, ní gá a bheith in aon seomra - ná fiú in aon tír – le do chomh-imreoirí, bíodh siad ar aon fhoireann leat – nó i do choinne!
Is ar éigin a d’aithnódh ár sinsear gur pobal atá i gceist anseo – ach má éistíonn tú leis an gclár podchraolta N-Europe, i gcomhair úsáiditheoirí Nintendo san Eoraip, ritheann sé leat go bhfuil tú ag éisteacht le raidio pobail! Cuireann foireann imreoirí óga as Éire, an Bhreatain, agus tíortha eile san Eoraip an clár i láthair, ag usáid fóin idirlín (Skype) chun comhrá.
Sin é an bua is mó atá ag an bpodchraoltóireacht: is féidir le aon duine é a dhéanamh. Ghnóthaigh Dawn & Drew, lánún óg pósta i Wisconsin Mheiriceá, na mílte éisteoir dá gclár magúil gligínteachta agus gan acu ach ríomhaire glúine agus micreafón a cheannaíodar ar $20. An bhfuil rud éigin le rá agatsa? An bhfuil ceisteanna le cur agat? Ní gá tarchuradóirí chun do ghlór a chraoladh. Ní gá stiúidíó costasach. Agus ní gá duit cead a iarraidh. An duine fásta tú? Is leatsa an t-idirlíon más ea. Abair leat!
Ag caint le Séamas Ó Neachtain an tseachtain seo, ó phodchraoladh Chumann Carad na Gaeilge, ghuíomar nára fada go mbeidh na scórtha podchraoltaí Gaeilge ann agus na mílte éisteoir acu. Measaim go bhfuil siad ag teacht – leithéidí Patrick Schaler mac léinn meánscoile ó Bhaile Átha Cliath. Chuir sé tús lena phodchraoladh an mhí seo chaite agus tá rún aige agallaimh a chur a Hector agus ar Enda Kenny TD!
Seo cuireadh daoibh! An bhfuil cumas taifeadta fuaime agat? Seol do MP3 Gaeilge chugam ag eolas@anlionra.com, go gcuirfeadsa “ar an aer” tú! Nó glaoigh ar an líne glórphoist: (087) 2602205 in Éirinn, (201) 984 3419 i Meiriceá.
Nó tar chun cainte liom ag Oireachtas na Gaeilge. Beidh An Líonra Sóisialta ag triall ar chathair Dhoire i gceann coicíse do mhór-thionól na Gaeilge. Má tá tusa ag dul ann, bí cinnte go mbeidh tú gléasta i gceart, agus T-Léine álainn oifigiúil An Líonra Sóisialta ar do cholainn fíor-ghaelach. Beidh siad seo ar díol go luath ar an suíomh againn, anlionra.com (Athshonrú: tá siad ar fáil anois!), nó d’fhéadfá ceann a bhuachaint i gcomórtas na seachtaine seo chugainn ar an gclár. Tugaígí cluas le podchraoladh an lae inniu!
Táímíd sa chairt ar iTunes! Dá mhó duine a ghlacann síntús leis An Líonra Sóisialta in iTunes, ’sea is airde a raghaimíd! Ma úsáideann tú iTunes, d’fhéadfá cuidiú linn.
Fógra Seirbhíse Poiblí ó Uncle Seth (PMN): You Don’t Need an iPod!
Táim ainmnithe le h-aghaidh Gradam na Podchraoltóireachta ag an Net Visionary Awards de chuid Chumann Idirlín na hÉireann. Tá vótáil phoiblí ar oscailt go dtí De Luain an 23ú Deireadh Fómhair.
You are currently browsing the An Líonra Sóisialta weblog archives
for October, 2006.
Tá Podchraoltaí Anseo
Buail ar na dealbha chun éisteacht leis na cláir, nó bain úsáid as do rogha córais chun síntús a ghlacadh leis.
Ceannaigh T-Líonra!
Tugtar An T-Líonra ar T-Léine oifigiúil An Líonra Sóisialta, agus is é siopa idirlín Chonradh Gaeilge Shasana Nua an t-aon áit in a bhfuil siad ar díol.