Líonra 6.1 - TG4

Lá Breithe Sona, TG4!

  • 10 mbliana, cothrom an lae inniu a chuaigh TG4 (Teilifís na Gaeilge) ar an aer, ar Oíche Shamhna 1996.
  • Cuirim agallamh ar leas-cheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha.
  • Tionscal na teilifíse Gaeilge agus an tionchar atá aige sin ar mheanma lucht na Gaeilge.
  • Ag iarraidh béasa a mhúineadh do Hiúdaí! ;)
  • Neamhspleáchas TG4 ó RTÉ, agus ceist a mhaoinithe.
  • “Tiocfaidh an lá, agus b’fhéidir gurb í an Ghaeilge an t-aon slat tomhais idirdhealaithe a bheás idir an stáisiún s’againne agus an chuid eile den domhain, agus b’fhéidir gur buntáiste mór dúinn é sin”
  • Stráitéis idirlín TG4. “Tá an doras cúil sin iompaithe amach ina dhoras tosaigh eile”

Pádhraic Ó Ciardha

One Response to “Líonra 6.1 - TG4”

  1. An Líonra Sóisialta » Blog Archive » Líonra 7.5 - Saol Eile Says:

    […] An tseachtain seo chaite ar An Líonra Sóisialta, craoladh agallamh le Leas-Cheannaire TG4, Pádhraic Ó Ciardha. D’fhéachamar siar ar éachtaí an stáisiúin ina chéad deich mbliana agus, i measc na spriocanna atá ag bainistíocht an stáisiúin don gchéad 10 mbliana eile, luaigh sé go raibh súil acu go bfhéadfaidís múineadh a chur ar Hiúdaí! […]

Leave a Reply