Chaitheamar súil ar chúrsaí ceoil an tseachtain seo ar An Líonra Sóisialta.
D’inis Gloria Estefan dúinn gur theip ar na mórchomhlachtaí ceoil freastal ar mhianta an phobail agus deiseanna an idirlín a thapú chun rogha a thabhairt dá gcustamaeirí.
Má dheineann tú téip nó dlúthdhiosca le do rogha amhrán, agus má bhronnann tú ar do chara é, tá tú ag briseadh an dlí. Má dheineann tú píosa cainte a thaifeadadh in éineacht leis an gceol, agus má chuireann tú ar an idirlíon é chun gur féidir le h-aon duine é a íoslódáil, ansin is podchraoltóir tú! ‘Sea agus tá tú fós ag briseadh an dlí!
Níl sa phodchraoltóireacht más ea ach cóipeáil agus dáileadh fuaime, de ghnáth gan aon srianta cóipeála DRM (Digital Rights Management). Agus sáraíonn sé an dlí sa chás go bhfuil ábhar faoi chóipcheart i measc na bhfuaimeanna atá dá gcóipeáil.
Mura bhfuil réiteach simplí ar an bhfadhb seo, tá bealach timpeall uirthi! Sin é an ceol “podslán”. Ciallaíonn “podslán” go bhfuil cead speisialta tugtha ag úinéir an cheoil gur féidir é a chasadh ar phodchraoladh. Agus má tá leisce ar shean-fhondúirí an tionscail a gcuid maoine a cheadú sa tslí seo, ní mar sin don tslua óg neamhspleách atá ag teacht sna sála orthu! Gan chonarthaí ceoil, gan tionchar ar liostaí seinnte na mór-stáisiún raidio, ach tá siad gach pioc chomh súáilceach céanna leis na h-ainmneacha móra.
Dála an scéil, is í Samantha an t-aon duine sa liosta sin nach Éireannach í (cé go bhfuil sí bródúil mar sin féin as an sinsear a thug an sloinne sin di).
Ní h-aithníonn tú na h-ainmneacha sin? Ní chloisfidh tú ar an raidio iad – go fóill!
Ach chífidh tú ar MySpace iad, agus cloisfidh tú ar phodchraoltaí iad – cosúil leis an Spudshow, an podchraoladh “beagnach laethúil” i nGaeilge a chuireann ceoltóirí neamhspleácha mná na hÉireann inár láthair.
Tá na mór-chomhlachtaí ceoil tagtha go sotalach chuig cóisir an idirlín, agus a gcuid earraí ar fáil (le srianta áirithe) in áiteanna ar nós siopa ceoil iTunes. Ach féach go bhfuil cuid mhaith ceoltóirí neamhspleácha sa tsiopa sin chomh maith. Tá siad ag díol a gcuid amhrán tríd iTunes agus CDBaby.com, agus ag cothú lucht leanúna dóibh féin le MySpace, leis an nGréasán Podslán agus le downloadmusic.ie. An bhfuil deireadh ré na gcomhlacht mór ann?
Tá an pholaitíocht ina mór-scéal i mblaganna na hÉireann an tseachtain seo, tar éis gur reachtáladh comhdháil ar an ábhar “Blagadóireacht an Toghcháin” i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn. Tá tuilleadh eolais ar irishelection.com, agus taifeadtaí ar dhíospóireachtaí an lae ar podcasting.ie.
Beidh tuilleadh tráchta ar na h-ábhair seo againn ar An Líonra Sóisialta. Díreoimíd go speisialta ar chúrsaí poliatíochta i mí na Samhna, agus pléifear cúrsaí físe agus grianghrafadóireachta i gceann coicíse. Agus más suim leat a thuilleadh a fhoghlaim faoin bpodchraoltóireacht, bígí linn an tseachtain seo chugainn!
Ar deireadh thiar, agus mé ag caint ar an gceol podslán, dúirt cheana go bhfuil roinnt cheoltóirí cáiliúla tar éis samplaí dá gcuid ceoil a scaoileadh le ceadúnas podslán. Uaireanta áfach, bíonn fadhb acu sin a dhéanamh mar, cé gur leo an t-amhrán, bíonn an taifead féin i seilbh chomhlacht ceoil. Tá réiteach simplí air sin: an ceol a ath-thaifeadadh, go minic ag ceolchoirm beo. Sin é ata deánta i gcás Rogha Ceoil Phodchraolta na seachtaine seo againn: Copperhead Road le Steve Earle.
D’éirigh liom an chuid is mó dó a fháil ar ais - ach tá na tráchtaireachtaí a bhí scríofa agaibh fós ar iarraidh - agus ní fheadar ach go bhfuil rudaí eile briste chomh maith.
Má chíonn sibh aon rud atá mícheart, abair liom é, le bhúr dtoil. Scríobh anseo sna tráchtaireachtaí ar an mír seo é.
Táim glan scuabtha as mo mheabhair dár ndóigh. Sin é an t-aon mhíniú atá agam air.
Shílfeadh éinne go bhfuil mo dhóthain cúram orm. Beirt chlainne agus postanna lán-aimseartha agam féin agus ag bean an tí seo. Sin é mar atá ag mórán daoine sa lá tá inniu ann, dár ndóigh, ach tá post lán-aimseartha eile agam chomh maith: An Líonra Sóisialta.
Tá cleasanna agus straitéisí éagsúla agam chuige seo, mar shampla: ní chodlaím. Ach is é an rud is mó a chuidíonn liom ná an “oifig so-ghluaiste”.
Nílim chomh so-ghluaiste agus ar mhaith liom a bheith: tá córas stiúidíó agam do An Líonra Sóisialta. Ach tá cláracha déanta agam go h-iomlán ón mbóthar: taifeadadh, eagarthóireacht, uaslódáil agus foilsiú. Agus is cuma sa stiúidíó nó ar an mbóthar mé: braithim go mór ar an bhfón póca.
Bhíos in oifig an dochtúra le mo mhac Dé Céadaoin nuair a tháinig an bíp-bíp ar an bhfón. “Sin é an saoiste ag fiafraí cá bhfuil tú!” arsa an dochtúir agus é ag gáire. Ach ní h-amhlaidh a bhí, ach scata teachtaireachtaí téacs ag insint dom go raibh daltaí Choláistí Eoin agus Íosagáin i mBaile Átha Cliath ag scríobh tráchtaireachtaí ar AnLionra.Com!
Tugtar an bedouineachas ar seo – agus tuairiscíonn Om Malik go bhfuil sé ina chloch choirnéil ag cuid de chomhlachtaí úra Silicon Valley. D’fhág an Gael-Mheiriceánach Niall Kennedy a phost le Microsoft le déanaí chun dul i mbun oibre dó féin. Níl d’oifig aige ach ríomhaire glúine – agus oibríonn sé sa bhaile nó i gcaiféanna, nó in áit ar bith a oireann dó féin. Pléitear an bedouineachas agus ábhair eile sa phodchraoladh a dheineann siad le chéile: Om and Niall Podsessions.
Dár ndóigh, ní h-aon iontas an méid seo don aos óg. Éist leis an agallamh ar AnLionra.Com a dheineas le Breandán Ó hÉamhaigh, atá in a mhac léinn in Olscoil Luimní. Tá a charr ag Breandán, a fhón póca agus a ríomhaire glúine – agus leis na h-úirlisí sin tá sé in ann feidhmiú in áit ar bith.
D’fhéadfadh Breandán tuilleadh faoiseamh intinne a bheith aige mura mbeadh sé ag brath chomh mór ar na gúirléidí sin amháin. Is é an cúltacú príomh-riail an tsaoil siúil. Is féidir dlúthdhioscaí a dhéanamh le cóipeanna de chomhaid riachtanacha ach caithfidh tú cuimhneamh ar iad a bhreith leat. Nó is féidir úsáid a bhaint as “scamall” an idirlín, agus cúltaca a dheánamh ar sheirbhís stórála cosúil le box.net.
Is é box.net atá in úsáid againn féin inár n-oifig fíorúil. Fuair Fiona Ní Chéirín post lán-aimseartha le RTÉ i gCorcaigh, ach táimíd fós in ann comhoibriú ar An Líonra Sóisialta. Bainimíd úsáid as téacsanna, ríomh-phost agus glaonna gutháin, agus tá an t-idirlíon féin ina bhínse oibre againn agus sinn ag aistriú na gcomhad mór fuaime eadrainn.
Tugann an iris Wired.com an sainmhíniú seo ar an mbedouineachas mar straítéis ghnó: “Fáil réidh le sóchmhainní uile ghnólachta ach amháin na cinn atá riachtanach: na fostaithe agus na ceangailtí cumarsáide eatarthu.”
‘Siad na “ceangailtí cumarsáide” mar sin atá tabhachtach. Agus tá costas na cumarsáide so-ghluaiste ina cheist mhór. Tuairiscítear ar podcasting.ie gur beag an t-éileamh atá ar theachtaireachtaí pictiúir, nó MMS. Tá siad costasach, ag brath ar mhéid an phictiúir, agus ní oibríonn sé i gcónaí idir fóin agus idir líonraí éagsúla.
Is féidir “plean” ar chostas áirithe a cheannach do sheirbhísí 3G, agus do ábhar ar leith a roghnaíonn na comhlachtaí fón a chur ar fáil ar chostas seasta, ach is féidir le cumarsáid ar an ngáth-idirlíon a bheith an-daor le fón póca.
Is féidir cárta ceangail speisialta a cheannnach anois dod ríomhaire glúine a thabharfaidh ceangal idirlín duit trí chóras na bhfón póca ar chostas seasta, thart ar 50 euro. Agus má mheasann tú an ríomhaire glúine a bheith ró-throm duit, tabhair amach an SIM as an gcárta ríomhaire agus cuir isteach i bhfón póca é!
Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Cornphíopa na Síog le Séamus Ennis, le caoinchead na bhfoilisitheoirí Gael Linn.
Tagann sé ón albam atá ath-eisithe ag Gael-Linn: Séamus Ennis: Ceol Scéalta agus Amhráin.
Agus, buíochas le Gael Linn arís, tá 3 chóip den dlúthdhiosca le buachaint i gcomórtas na seachtaine seo chugainn.
Freagair an cheist - cár rugadh Séamus Ennis (Leid: cá bhfios nach bhfaigheadh sibh an freagra ar gael-linn.ie?)
You are currently browsing the An Líonra Sóisialta weblog archives
for October, 2006.
Tá Podchraoltaí Anseo
Buail ar na dealbha chun éisteacht leis na cláir, nó bain úsáid as do rogha córais chun síntús a ghlacadh leis.
Ceannaigh T-Líonra!
Tugtar An T-Líonra ar T-Léine oifigiúil An Líonra Sóisialta, agus is é siopa idirlín Chonradh Gaeilge Shasana Nua an t-aon áit in a bhfuil siad ar díol.