Líonra 8.4 - Foinse Oscailte

- Agallamh leis an Ollamh Kevin Scannell ó Ollscoil St. Louis.
- Tá Kevin páirteach i gcuid mhaith tograí “foinse oscailte” (Open Source), ina measc leagan Gaeilge GNU/Linux, An Gramadóir, leagan Gaeilge an bhrabhsálaí Firefox agus Thunderbird, agus inneall cuardaigh saincheapaithe don nGaeilge: aimsigh.com
- Ceol Podslán: People le Natives Of The New Dawn
- Nuacht an Líonra le Fiona Ni Chéirín
November 16th, 2006 at 1:20 pm
Bhí cuairteoir agam féin ar mhaidin, neach a tháinig ó Mheiriceá ar dtús. Faraoir ní raibh mé tapaidh go leor leis an gceamara ach fuair mé an pictiúir seo ar an idirlíon. Iora liathdaoibh. D’fhéach mé amach an fhuinneog agus b’shin é ag taiscéalaigh i mo ghairdín. Siúd liom ansin ag léamh faoi ar an idirlíon. De réir dealraimh bíonn an speiceas seo níos bagraí ná an speiceas dúchasach. Cuirim an pictiúir anseo toisc gur luaigh John Breslin go raibh an tIora rua mar suaitheantas ag wiki.ie. Táimid inár gcónaí anseo le 21 bliain agus seo an chéad uair a chonaic mé a leithéid sa ghairdín.
November 16th, 2006 at 1:23 pm
seo an nasc toisc nach bhfuil sé ag obair thuas. http://www.habitas.org.uk/invasive/images/small/153638.jpg
November 20th, 2006 at 5:02 am
[…] Guth an Phobail: Go raibh maith ag Céhéhí. Comhgháirdeachas le hAonghus, le hUta agus lena gclann - Buíochas le Proinsias as scéal suimiúil an Mechanical Turk. […]