Líonra 8.5 - Meitheal

Buail anseo chun éisteachta!

Tá tionscal na ríomhaireachta ag tnúth go mór le seoladh táirge tabhachtach an mhí seo chugainn. Sin é an córas oibriúcháin nua Microsoft: Windows Vista.

Tá Ionad Comhdhála Pháirc an Chrócaigh curtha in áirithe ag Microsoft don 5ú Nollaig d’fhonn é a chur i láthair.

Tá na blianta caite, ag na mílte innealtóir i Microsoft ag obair ar Windows Vista. Beidh Microsoft ag iarraidh luach saothar na h-infheistíochta sin a bhaint anois, le praghas thart ar €200 don mbunchóip (nó €100 le h-aghaidh uasghrádú ó Windows XP).

Ach ní gá na céadta euro a íoc ar chóras oibriúcháin. D’fhéadfá cóip de Linux a íoslódáil gan táille, agus é a chur ar oiread ríomhairí agus ar mhaith leat gan oiread agus pingin a chaitheamh.

Cosúil le Windows Vista, tá na mílte forbróirí tréis na blianta a chaitheamh ag tabhairt eithne Linux agus na feidhmchláir éagsúla GNU a oibríonn leis chun foirfeachta.

Ach, ní h-ionann agus foireann Microsoft, ní obair lán-aimseartha atá i gceist le Linux, ná fiú obair íoctha don gcuid is mó.

Ná ní “le” aon duine ná comhlacht an bog-earra a tháirgítear sa tslí seo. Agus ní rún é an cód foinse as a bhfuil sé déanta. Is féidir le h-aon duine téacs na ríomhchlár GNU/Linux a fheiscint. Má tá an cumas agus an claonadh agat, is féidir leat féin cuidiú leis an iarracht, botúin a aimsiú agus a chur faoi bhráid na bhforbróirí, nó bheith i d’fhorbróir tú féin.

Tugtar bog-earraí “foinse oscailte” ar earraí den tsaghas seo - agus tá siad i bhfad níos coitiantaí ná mar a cheapfá.

Mar shampla: tromlach mór na ríomhairí freastal ar an ngréasán domhanda, ritheann siad ar an bog-earra foinse oscailte Apache.

Níl aon chostas ar Apache, agus níl aon chomhlacht amháin freagrach as. Ach mar sin féin, tá mór-shuíomhanna an idirlín sásta muinín a chur ann chun a gcuid seirbhísí gréasán a chur ar fáil.

Ná ní ar an back-end amháin a chífidh tú earraí foinse oscailte in úsáid. Tá an-shuim á chur i leagan deas snasta de Linux atá curtha in oiriúint go maith don ngnáth-úsáideoir: Ubuntu (tá téama deas seacláide ar an leagan atá in úsáid agamsa!)

Agus fiú más úsáideoir Windows tú, tá scair mhaith de mhargadh an bhrabhsálaí gréasán tógtha anois ag an earra foinse oscailte Firefox ó Internet Explorer le Microsoft. Is togra foinse oscailte é Firefox a d’eascair as an gcinneadh a thóg an comhlacht Netscape thiar i 1998, cód foinse a mbrabhsálaí cáiliúil a fhoilsiú faoi cheadúnas foinse oscailte. Ní raibh aon dul as acu. Bhí port Netscape seinnte agus bhí cath na mbrabhsálaithe buaite ag Internet Explorer. Mar a bheadh an Tuatha Dé Danann, d’fhágadar an tír os cionn talún ag Microsoft agus d’éalaigh Netscape isteach i dTír an Fhoinse Oscailte. Féach anois, sliocht Netscape ag filleadh ar a oidhreacht!

Is fiú go mór aiste Eric S. Raymond, The Cathedral and The Bazaar, a léamh:. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar mhuintir Netscape ag an am.

Tá earraí foinse oscailte eile ann a bhfuil an-tóir orthu, ina measc an t-eagarthóir fuaime Audacity atá in úsáid go forleathan anois ag podchraoltóirí.

Conas gur féidir na h-earraí seo a chur ar fáil gan chostas ar bith? Is amhlaidh, in ionad slua mór forbróirí íoctha ag obair ar thogra, go mbíonn slua abhalmhór forbróirí deonacha ag obair go páirt-aimseartha. Cad ‘na thaobh go ndeineann siad an obair seo? Don gclú agus don gcáil, uaireanta - agus go minic toisc go bhfuil gá acu féin leis an úirlis ar a bhfuil siad ag obair.

Tá cuid den bprionsabal céanna i gceist leis an “ábhar pobal-scríofa” atá go forleathan ar an idirlíon anois, agus go h-áirithe leis an Wiki a bhí faoi chaibidil an tseachtain seo ar An Líonra Sóisialta. I dtráchtaireacht ar an gclár againn an tseachtain seo chaite, chuir an blagadóir Aonghus Ó hAlmhain an ghluaiseacht seo i gcomparáid leis an slí ina dtógann pobal Ámach Mheiriceá scioból. Cuireann sé scéalta mo thuismitheoirí i gcuimhne domsa, faoin slí ina dtugadh gach páiste fód amháin móna ar scoil leo gach maidin, chun go bhféadfaí an seomra ranga a théamh.

Dár ndóigh, tá focal ar leith sa Ghaeilge againn do chomhoibriú pobail den tsaghas seo: meitheal.

  • Rogha Ceoil Phodslán na Seachtaine: See The Sun le Black Lab

2 Responses to “Líonra 8.5 - Meitheal”

  1. Proinsias Says:

    A Choinn,

    Os ar na “Meithil Idirlín” a bhí tú ag caint an tseachtain seo, rith sé liom, b’fhéidir, nach raibh cloiste agat ar an “Turc Meicniúil” atá le fáil ar an suíomh:

    http://www.mturk.com/mturk/welcome

    ‘Sé atá i gceist leis an choincheap seo ná “intleacht tacair tacair.” (Seans nach bhfuil ceann, nó dhó, des na ‘tacair’ sin seimhithe i gceart agam?)
    Ní earráid chlóscríobhe atá ins an dara ‘tacair’ anseo, afach, ach cealú ar an chéad coincheap a bhaineann le intleacht na ríomhairí. (Artificial Intelligence.)

    Suíómh idirlín é seo atá cruthaithe chun fheidhm a bhaint as an intleacht daonna chun ceisteanna a fhreagairt atá ródheachair dos na ríomhairí, ach atá éasca goleor don duine iad a fhreagairt. Tá luach saothair (an-) bheag ar fáil don té a ghlacann, agus a fhreagraíonn na ceisteanna a chuirtear suas ar an líonleathanach seo.

    Mar a cheapfá, tá chuid mhór des na ceisteanna símplí, neamhshuimiúil, ach tá an chuid eile spéisiúil goleor. Don té a mbíonn an tam go flúirseach aige, ar uaireannta, seo shlí chun rud a dhéanamh a chuidíonn le daoine a bhfuil cheisteanna acu le fhreagairt. Dar liomsa, d’fhéadach sé seo bheith cothrom cumhacht na haibhléise ar an chine daonna, má ghlacann na mílte-míle daoine leis mar cheisteóirí agus fhreagróirí.

    Chuimhnigh ar an buntáiste don ghná-dhuine atá ag lorg aistriúchán teanga d’fháil, ó cheann go ceann eile, mar shampla. Dá ma rud é go mbeadh duine ábalta aistriúchan d’fháil, ar an toirt, (amach anseo),
    trína fón phóca, nach mbeadh sé sin go hiontach ar fad?

    B’fhéidir go mbeadh ábhar do bhlag-mhír duit ar an áis (nua?) seo? Ba mhaith liom a fháil amach do thuairimí ar an suiomh idirlín seo.

    Beir bua,

    Proinsias

  2. An Líonra Sóisialta » Blog Archive » Líonra 9.1 - Download It Says:

    […] Guth an Phobail: Go raibh maith ag Céhéhí. Comhgháirdeachas le hAonghus, le hUta agus lena gclann - Buíochas le Proinsias as scéal suimiúil an Mechanical Turk. […]

Leave a Reply