Líonra 9.2 - Joe O’Toole

    An Seanadóir Joe O'Toole

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Agallamh le Joe O’Toole, Seanadóir agus Podchraoltóir
  • Modh oibre Joe, mar a dheineann sé a chuid podchraoltóireachta.
  • Deineann sé gach aon rud é féin: scríobh agus cur i láthair, taifeadadh agus léiriú, agus foilsiú ar an idirlíon.
  • “Seo é an chéad uair le ceathrú céid anuas go raibh píosa teicneolaíochta tagtha chugainn a chuireann chun cinn pearsantachta an duine féin.”
  • Baineann sé úsáid as an dteicneolaíocht chun cumarsáid a dhéanamh lena “dháilcheantar domhanda”. (Tá Joe tofa ag céimithe Ollscoil na hÉireann.)
  • Ceol Podslán: The Special Two le Lucy Evans.

2 Responses to “Líonra 9.2 - Joe O’Toole”

  1. Cehehi Says:

    D’fhoghlaim mé dán ar scoil nuair a bhí mé an óg, leathchéad ó shin, creid nó ná creid. Timothy Dan ab ainm dó agus bhí cur síos ann ar bhuachaill óg a raibh an-chuid rudaí aige ina phóca. Rudaí beaga a bhí luachmhar dar leis ach a chaithfeadh duine fásta i dtraipisí iad. Tosnaíonn sé mar seo” Timothy Dan is a very rich man and he keeps all his wealth in his pocket”. Luaitear ansin na rudaí go léir, ina measc clog gan lámha, dhá bhanda leaisteacha, píosa cailce, rud a chuir gollywog ag caint tráth dá raibh, dhá cnaipe agus bosca. Críochnaíonn sé le “and nobody knows how the smallest of boys can carry so much in his wee cordoroys.” B’fhéidir gur John D. Sheridan a chum ach ní chuimhin liom. An fáth a luaim anseo é ná go bhfuil an t-uafas rudaí agat anois a Choinn le cur inár bpócaí. N’fheadar an bhfuil spás agam don Dáil agus don Seanad chomh maith… hmm.. Seanadóir i mo phóca, nach iontach an smaoineamh é sin.

  2. The Podcasting Politician « Edgecast Says:

    […] Independent Senator Joe O’Toole is the special guest today on An Líonra Sóisialta.  Speaking in Irish, Senator O’Toole describes how he goes about producing his weekly podcast, My Week This Week, which has been been running for almost a year.  And it’s all his own work too!  The Senator uses his Apple Mac to write the script, record and edit, encode to MP3, and upload to the internet the 5 minute monologue which takes the form of a letter from Leinster House. […]

Leave a Reply