Líonra 10.1 - Gaeilge

4 Responses to “Líonra 10.1 - Gaeilge”

  1. Kay Uí Chinnéide Says:

    Mar chomhtharlúint feicim go raibh cuid d’ eagarfhocal an lae ag an “Irish Times” tiomnaithe don ábhar céanna, a Choinn agus go luaitear Joe O’Toole ann freisin. An teideal atá sa Times ná “The way we use Irish”. Cuirtear i leith ár gcara gur “athbheochanóir tiomanta é”. Tá súil agam go bhfuil go leor fianaise acu chun é sin a chruthú.

    Luaitear “go leor daoine” sa tuairisc freisin. De réir an eagarfhocail coimhthíodh na daoine aithnideacha seo. Cad a chuir olc orthu, ach “feachtas bacach athbheochana”. Ní luaitear cén feachtas.

    Níl ach “eolas iarmharach” ag go leor mic léinn den dara leibhéal faoin nGaeilge más fíor an scéal. Cé hiad go leor micléinn?

    Cúpla focal eile a léimeann amach ná “iarmhairt chreimneach ar maoithneachas an phobail”. Ní luaitear cén pobal.

    Críochnaíonn an t-eagarfhocal le cúpla focal eile, “éigeantas garbh”. Bhuel is minic a chloisim na focail ” grá crua” na laethanta seo rud a bhíonn ag teastáil go minic. An bhfuil éigeantas garbh ag teastáil freisin?

    Vótáil mórchuid de mhuintir an Daingean i gcoinne tiomántas an aire. Tarlaíonn rudaí mar sin, nár vótáil mórchuid daoine gurb é Twenty Major an blagadóir is fearr.

    Bhí John Breslin ag insint dúinn le déanaí mar gheall ar Wiki.ie agus chuaigh mé ag chuardach faoi “Wiki” . Fuair mé treoracha faoi chonas alt a chur i wiki agus rinneadh tagairt san alt do “focail ha heasóige”.

    Tá ceist agamsa daoibh, cé mhéid focal in eagarfhocal an Irish Times gur féidir an a aithint mar fhocail na heasóige?

    Mar fhocal scoir deir an eagarfhocal, ” We should foster our native language, but through gentle encouragement and incentive, rather than crude compulsion.” Faraoir ach mar is eol do gach tuismitheoir tá an dhá rud sin ag teastáil.

    athbheochanóir tiomanta - committed revivalist.
    Coimhthíodh na daoine seo- these people were alienated.
    feachtas bacach athbheochana- a limping revival campaign.
    eolas iarmharach - vestigial knowledge.
    iarmhairt chreimneach - corrosive effect
    maoithneachas an phobail - public sentiment.
    éigeantas garbh - crude compulsion
    grá crua- tough love.
    focal na heasóige- weasel word

  2. Séamas Ó Neachtain Says:

    Mar a deir Eyore, buíochas leat as mise a thabhairt faoi deara!

  3. Conn Ó Muíneacháin Says:

    Nílim i bhfábhar an éigeantais olc ná maith, ach ní ceist éigeantais í seo. Tá sé rí-shoiléir go bhfuil muintir bhaile an Daingin ag iarraidh an craiceann agus a luach.

    Mura bhfuil siad sásta an Ghaeilge a úsáid in ainm an bhaile, cén dóchas go n-úsáidfidh siad i gcomhair aon rud eile í?

    Ní ceist éigeantais í seo - ach ceist chonartha. Bronntar stadas Gaeltachta ar áit agus tá buntáistí áirithe leis sin. Tá dualgaisí áirithe leis chomh maith. Nílim i bhfábhar iachall a chur ar aon áit a bheith sa Ghaeltacht nó lasmuigh di. Mura mheasann muintir bhaile an Daingin gur fiú an margadh é, níor chóir go mbeadh orthu fanacht sa Ghaeltacht. Mura bhfuil siad sásta fiú cuma na Gaeltachta a chur ar an áit, cad is fiú an cur i gcéill?

    Tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne laistiar den nDaingean. Ní Gaeltacht é Dingle, agus ní mian leo a bheith sa Ghaeltacht. Ní h-ionann sin is a rá nach bhfuil Gaeilge ann - ach tá Gaeilge in a lán áiteanna lasmuigh den n”Gaeltacht”. Ní fheicimse aon chúis ná comhartha gur chóir go mbeadh stádas “Gaeltachta” ag Dingle thairis Tralee, Killarney ná Ennis.

  4. Conn Ó Muíneacháin Says:

    Go raibh maith agat féin, a Shéamais, as do chuid tuairiscí podchraolta ón Úll Mór!

Leave a Reply