Líonra 10.1 - Gaeilge

- Ábhar cainte na seachtaine seo: An Ghaeilge.
- Comhgháirdeachas le Cumann Carad na Gaeilge! Tá siad ag podchraoladh le bliain! Éist le Gaeilge Nua Eabhrach.
- Ceol Podslán: Download It - Leagan Damhsa, le Clea
- Comórtas na Coicíse: Buaigh dlúthdhiosca Clea
- Cén sloinne atá ar Simon, breitheamh X-Factor?
- Seol an freagra, go dtí eolas@anlionra.com, nó teács 087 2602205 nó, i Meiriceá, glaoigh ar (201) 984 3419.
- Guth an Phobail: ó Dhaidí na Nollag! www.santasvideos.ie
- Teachtaireachtaí Físe ó Dhaidí na Nollag, i nGaeilge, i mBéarla, nó i dTeanga Chomharthaíochta Éireann
- Tá T-Líonra tuillte ag Céhéhí as an mór-chabhair a thug sí lena cuid tráchtaireachtaí an tseachtain seo chaite! GRMA!
November 28th, 2006 at 10:52 am
Mar chomhtharlúint feicim go raibh cuid d’ eagarfhocal an lae ag an “Irish Times” tiomnaithe don ábhar céanna, a Choinn agus go luaitear Joe O’Toole ann freisin. An teideal atá sa Times ná “The way we use Irish”. Cuirtear i leith ár gcara gur “athbheochanóir tiomanta é”. Tá súil agam go bhfuil go leor fianaise acu chun é sin a chruthú.
Luaitear “go leor daoine” sa tuairisc freisin. De réir an eagarfhocail coimhthíodh na daoine aithnideacha seo. Cad a chuir olc orthu, ach “feachtas bacach athbheochana”. Ní luaitear cén feachtas.
Níl ach “eolas iarmharach” ag go leor mic léinn den dara leibhéal faoin nGaeilge más fíor an scéal. Cé hiad go leor micléinn?
Cúpla focal eile a léimeann amach ná “iarmhairt chreimneach ar maoithneachas an phobail”. Ní luaitear cén pobal.
Críochnaíonn an t-eagarfhocal le cúpla focal eile, “éigeantas garbh”. Bhuel is minic a chloisim na focail ” grá crua” na laethanta seo rud a bhíonn ag teastáil go minic. An bhfuil éigeantas garbh ag teastáil freisin?
Vótáil mórchuid de mhuintir an Daingean i gcoinne tiomántas an aire. Tarlaíonn rudaí mar sin, nár vótáil mórchuid daoine gurb é Twenty Major an blagadóir is fearr.
Bhí John Breslin ag insint dúinn le déanaí mar gheall ar Wiki.ie agus chuaigh mé ag chuardach faoi “Wiki” . Fuair mé treoracha faoi chonas alt a chur i wiki agus rinneadh tagairt san alt do “focail ha heasóige”.
Tá ceist agamsa daoibh, cé mhéid focal in eagarfhocal an Irish Times gur féidir an a aithint mar fhocail na heasóige?
Mar fhocal scoir deir an eagarfhocal, ” We should foster our native language, but through gentle encouragement and incentive, rather than crude compulsion.” Faraoir ach mar is eol do gach tuismitheoir tá an dhá rud sin ag teastáil.
athbheochanóir tiomanta - committed revivalist.
Coimhthíodh na daoine seo- these people were alienated.
feachtas bacach athbheochana- a limping revival campaign.
eolas iarmharach - vestigial knowledge.
iarmhairt chreimneach - corrosive effect
maoithneachas an phobail - public sentiment.
éigeantas garbh - crude compulsion
grá crua- tough love.
focal na heasóige- weasel word
November 28th, 2006 at 2:27 pm
Mar a deir Eyore, buíochas leat as mise a thabhairt faoi deara!
November 30th, 2006 at 9:07 pm
Nílim i bhfábhar an éigeantais olc ná maith, ach ní ceist éigeantais í seo. Tá sé rí-shoiléir go bhfuil muintir bhaile an Daingin ag iarraidh an craiceann agus a luach.
Mura bhfuil siad sásta an Ghaeilge a úsáid in ainm an bhaile, cén dóchas go n-úsáidfidh siad i gcomhair aon rud eile í?
Ní ceist éigeantais í seo - ach ceist chonartha. Bronntar stadas Gaeltachta ar áit agus tá buntáistí áirithe leis sin. Tá dualgaisí áirithe leis chomh maith. Nílim i bhfábhar iachall a chur ar aon áit a bheith sa Ghaeltacht nó lasmuigh di. Mura mheasann muintir bhaile an Daingin gur fiú an margadh é, níor chóir go mbeadh orthu fanacht sa Ghaeltacht. Mura bhfuil siad sásta fiú cuma na Gaeltachta a chur ar an áit, cad is fiú an cur i gcéill?
Tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne laistiar den nDaingean. Ní Gaeltacht é Dingle, agus ní mian leo a bheith sa Ghaeltacht. Ní h-ionann sin is a rá nach bhfuil Gaeilge ann - ach tá Gaeilge in a lán áiteanna lasmuigh den n”Gaeltacht”. Ní fheicimse aon chúis ná comhartha gur chóir go mbeadh stádas “Gaeltachta” ag Dingle thairis Tralee, Killarney ná Ennis.
November 30th, 2006 at 9:09 pm
Go raibh maith agat féin, a Shéamais, as do chuid tuairiscí podchraolta ón Úll Mór!