
- Tuairiscíonn Fiona Ní Chéirín ar chuid de na suíomhanna idirlín ina mbíonn Gaeilge in úsáid

- Ceol: Kenneth Makuakane, amhrán comhscríofa ag Keola Donaghy. Le caoinchead an úineára.
- Téann cultúr mionlaigh na Gaeilge agus Hawaii i bhfeidhm ar mórchultúr an Bhéarla.
- An tseachtain seo chaite, agus Féile na hAltaithe i Meiriceá, d’fhógair an mórbhlagadóir agus fiontraí gnó Meiriceánach Jason Calacanis go raibh an fearann mahalo.com ceannaithe aige. Ciallaíonn “mahalo”: “Go raibh maith agat”.
- Mahalo, a cháirde!
This entry was posted
on Wednesday, November 29th, 2006 at 9:38 am and is filed under irishblogs, gaeilge, podchraoladh, anlionra, seachtain10.
You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0 feed.
You can leave a response, or trackback from your own site.
November 29th, 2006 at 10:50 am
Bím ag cuardach rudaí go minic freisin agus ceapaim go bhfuil an dlí céanna i bhfeidhm ar an idirlíon agus atá sa saol i gcoitinne. Bíonn rudaí ar iarraidh go minic agus ní bhíonn fhios ag éinne cá bhfuil teacht orthu. Téim á lorg agus ní bhíonn tásc nó tuairisc orthu in aon áit, ach faighim rudaí eile a bhí ar iarraidh agus atá ag teastáil fós. Agus mé i mbun oibre an tseachtain seo chaite d’aimsigh mé suíomhanna maithe atá bainteach leis an nGaeilge cé nach raibh mé á lorg ag an am agus chuir mé na naisc ar mo leathanach i dtreo is go mbeinnse agus daoine eile in ann úsáid agus sult a bhaint astu níos déanaí. Tá an scéal go léir agam anseo as Béarla fiú.