Líonra 10.5 - Gaeltacht
Ní rabhas i gcónaí mar seo. Ní rabhas i gcónaí chomh sáite san idirlíon agus atá anois. ‘Sí an Ghaeilge is cúis leis.
Rud a fuaireas amach nuair a d’fhágas an ollscoil: meathann an teanga i do cheann gach lá nach mbíonn deis agat í a úsáid.
Níos luaithe i mbliana, bhí díospóireacht ar na blaganna Gaeilge faoin gceist mhór: cad ‘na thaobh nach bhfuil Gaeilge ag formhór an phobail tréis 13 bliana scolaíochta? Is cuimhin liom go rabhas-sa cáinteach go maith ar an gcóras oideachais.
Ach le tuilleadh machnaimh ar an scéal, sílim nach ar na scoileanna atá an locht in aon chor – ach ar an saol mór-thimpeall. ‘Sí an fhadb ná gurb iad na scoileanna an t-aon áit ina bhfuil Gaeilge.
Ní h-é nach bhfuil Gaeilge á foghlaim ar scoil – ach is beag an fháilte atá roimpi amuigh sa tsaol mór.
Níl slí ná acmhainn agam anseo na fáthanna leis sin a phlé – ach sílim nach bhfuil aon duine nach n-aontódh leis an bhfírinne bhunúsach: ní leor teanga a shealbhú, ní foláir í a chothú chomh maith.
Mar sin, cá bhfaigheann tusa do chuid Gaeilge?
B’fhéidir go n’oibríonn tú le Gaeilge? B’fhéidir gur múinteoir tú, ag múineadh Gaeilge le daltaí ná bainfidh úsáid aisti – mura dtéann siad féin le múinteoireacht. B’fhéidir gur fuinneadh agus gur fáisceadh i bpobal Gaeltachta tú – ach má’s amhlaidh duit, an bhfuil ag éirí leat do bheatha a thuilleamh sa cheantar ‘nar tógadh tú?
Fiú má tá cónaí ort sa Ghaeltacht féin, cad é an teanga a labhrann do chomharsana leat? Cad a labhrann páistí do chomharsan leat?
Cé chomh minic agus a chloistear: “Bhí Gaeilge an-mhaith agam agus mé ag dul ar scoil ach tá sí go léir dearmadta agam anois.”
Seo í an fhírinne lom - agus tá fhios ag éinne atá lasmuigh des na “ciorcail ghaelacha” é: murach Raidio na Gaeltachta ní bheadh aon seans ag cuid againn ár gcuid Gaeilge a choimeád.
Dá bhrí sin, tá cur amach nach beag ag mo leithéidí ar ainmneacha na mbailte fearann agus na bpearsana móra i bparóistí na Gaeltachta, ar na ceisteanna polaitiúla agus ar na scéalta báis.
Ach is áit eachtrannach domsa mar sin féin í an Ghaeltacht agus a cuid eachtraí laethúla. Mar sin, ní cóir go ndéanfaí iontas de go dtéim níos faide fós ar thóir na teanga.
Tagann Casla chugam ar mo raidio. Faighim an méid sin ar mo ríomhaire chomh maith céanna – agus Boston, Nua Eabhrach, San Francisco agus Hawaii chomh maith.
Seo iad pobal scaipthe na Gaeilge. Cuid acu ag iarraidh í a fhoghlaim, cuid eile ag iarraidh gan í a dhearmad. Gach duine acu go díograiseach dícheallach ag tóraíocht na Gaeilge dóibh féin.
Agus ag cuidiú lena chéile. Tá an pobal seo buíoch don a bhfuil curtha ar fáil dóibh, agus baintear an-úsáid as acmhainní maithe ar nós beo.ie, focal.ie, gaelport.com, agus gaeilge.ie. Ach is ar scáth a chéile a mhaireann siad go h-iondúil. Tá gach éinne ina mhúinteoir agus in a fhoghlaimeoir, in a áisitheoir agus ina thaca dá chomh-ghaeilgeoirí. Agus tá gach éinne in fhoilsitheoir chomh maith, ar suíomhanna cosúil le daltai.com, scoilgaeilge.org agus gaeilgenaseachtaine.com.
Agus níl aon chuimhneamh ar an bhfad slí atá idir bhaill an phobail seo. Beannaíonn Seán Burke i Missoula, Montana dom aon uair a chíonn sé ar Windows Messenger go bhfuilim ar-líne. Bíonn comhfhreagras agam go rialta le Keola Donaghy in Hawaii. D’fhás Maidhc aníos i Lios Tuathail, ach labhair sé Gaeilge liomsa ar fón Skype óna theach in Vancouver, áit a bhfuil sé in a chónaí le leathchéad bliain.
Ar cheart dom gan bhacaint leis an idirlíon agus “saol” a fháil? Más ea, is saol gan Ghaeilge a bheidh ann.
- Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Sing It Back le Moloko (moloko.co.uk)
- Nascanna Breise:


December 1st, 2006 at 10:33 pm
Níor scríobh tú riamh focail níos firinní, a Choinn.
Seachas RnaG agus an cíbearghaelatcht, ní bheadh sa ghaeilge domhsa ach teanga teaghlaigh don chuid is mó. Ar a laghad tá corr líonra soisialta gaelach i mBÁC.
December 2nd, 2006 at 12:53 am
Cá bhfaighim mo chuid Ghaeilge? Sin an rud a d’iarr tú inniu a Choinn agus ba mhaith liom freagra a thabhairt duit, mar thuilleann ceist mar sin freagra.
Faighim mo chuid Ghaeilge istigh i mo chroí. Sin an áit a mhaireann sí le gach rud agus duine eile a bhfuil grá agam dó nó dí. Tá an Ghaeilge cosúil le grá, roinnim í agus an cibé méid a thugaim uaim di bíonn an dhá mhéid sin fágtha agam i gcónaí. Scríobhaim labhraim, canaim ( cé nach bhfuil nóta cheoil i mo cheann). Uaireanta faightear locht ar an méid a thógaim uaim agus bím gonta gortaithe briste brúite brónach. Ach an Gaeilge seo i mo chroí, leigheasann sí gach rud sa deireadh. Cuirim saghas spléaclaí fíorúla Gaeilge orm agus feicim an saol as Gaeilge. Bíonn an saol i bhfad níos fearr tríd na spéaclaí sin.
Is áit fáilteach flaithiuil fial an líonra agus is mór an maitheas a dhéanfaidh sé don Ghaeilge. Foghlaimeoimid go léir anseo. Go raibh maith agat as áis mar seo a chur ar fáil.
Go raibh maith agat freisin as mo shuíomh a lua.