LÃonra 11.5 - LitrÃocht.Com
NÃor chuir sé iontas ar bith orm ná raibh trácht cloiste ag na siopaà ceoil agus fÃse ar Dora agus Eachtraà an Mhapa. “Dora in Irish?â€?, arsa bean amháin agus d’fhéach orm ag tabhairt le fios go gceap sà go raibh an chiall caillte agam.
NÃor thógas uirthi é. Go deimhin, nà raibh fhios agamsa go raibh Dora ar fáil i mBéarla go dtà go dtána uirthi i siopa na mbréagán lá, agus à ag spalpadh Béarla chomh maith leis an Spáinnis bhreá a bhÃonn aici. (Sin ceist suimiúil má tá an freagra ag éinne. Múineann Dora focail Spáinnise do leanaà ar fud an domhain, ach an bhfeadar éinne cén teanga eachtrannach a mhúineann sà do Spáinnigh óga?)
Nà mar sin a bhà i Scéal Eile, an siopa leabhar is nuaà ar an saol i gContae an Chláir. Tá stór maith leabhar i mBéarla acu – agus chuirfeadh an rogha leabhar Gaeilge atá acu náire ar chuid des na siopaà móra thart fán gceantar seo.
Cinnte bhà trácht cloiste acu ar DVD Gaeilge le Dora. Go deimhin bhà ceithre chóip faighte acu an tseachtain seo chaite – agus dÃoladh iad go léir taobh istigh d’aon lá amháin.
Nà rabhadar ábalta a rá go cinnte, áfach, cathain a thiocfadh an chéad bheart eile isteach ó na soláthraitheoirÃ. Tá éileamh mór ar ábhar agus ar acmhainnà an t-am seo den bhliain. Bhà siad sásta m’ainm a chur sÃos do chóip eile, ach dúirt leo gan bacaint leis, go raibh plean eile agam. CheannaÃos 6 nó 7 gcinn de leabhair leanaà agus d’fhág mé slán acu.
Dar liomsa go raibh an uain agus an chúis agam ar deireadh thiar, triail a bhaint as rud nach raibh deánta riamh agam: leabhair Ghaeilge a cheannach ar an idirlÃon. Bhà a fhios agam cá ngabhfainn ag triall orthu.
Is é an mana atá ag an suÃomh Litriocht.Com ná “Gach leabhar Gaeilge i gclóâ€?. Nà amháin sin, ach tá roinnte mhaith ábhar fuaime agus fÃse acu chomh maith. Bhà sé fuirist a dhóthain dom DVD an taiscéalaà bhig a aimsiú ann, agus d’ordaÃos dhá leabhar in éineacht leis.
NÃor tugadh aon eolas dom maidir le cé chomh fada agus a chaithfinn fanacht dos na h-earraà seo – ach nÃl aon chúis go gceapfainn go mbeadh sé mÃ-réasúnta. Thóg sé 3 seachtainà ar bheart ó chomhlacht Meiriceánach mé a shroichint le déanaà – bheinn ag súil leis nach mbeadh moill mar sin ar leabhair Ghaeilge ó chomhlacht in Éirinn.
Ar aon nós, táim an-shásta leis an bpróiséas go dtà seo. Tá córas breá simplà sotuigthe acu le sonraà do chárta creidmheasa a lÃonadh isteach, agus tagann rÃomhphost chugat ar an bpoinnte ag deimhniú an bhearta.
An bhfuil deireadh ré an ghnáth-shiopa leabhar, anois go bhfuil dÃoltóirà fÃorúla mar seo againn? NÃl an lá sin tagtha fós, ná baol de, más fÃor do Cholmán Ó Raghallaigh ó Chló MhaÃgh Eo. Bhà seisean ina aoà ar An LÃonra Sóisialta againn an tseachtain seo agus d’inis sé dúinn go ndÃolann a chomhlacht na mÃlte leabhar gach bliain trÃd na bealaà dáilithe traidisiúnta. D’admhaigh sé go bhfuil méadú suntasach tagtha ar a ndÃolachán idirlÃn i mbliana ach go h-áirithe, cé go n-áiritear fós sna “céadtaâ€? é.
Is deas an rud é siúl isteach i siopa agus na leabhair a láimhseáil, na leathanaigh a chasadh, toirt agus meáchan scéil a mheas i do láimh. Ach ainneoin an tsásaimh atá sa mhéid sin – nÃl aon bhaint ag na h-airÃonna fisiciúla sin leis an litrÃocht.
Go deimhin, bhà an litrÃocht ann sara raibh cuimhneamh ar leabhair, ná fiú ar an scrÃobhnóireacht. Tá meas arÃs ar chultúr an bhéil – le fás na leabhar fuaime. Agus tá caint ar chóras nua a chuirfidh ar chumas do shiopa leabhar áitiúil, rogha an domhain mhóir a chur faoi do bhráid. Beidh tú in ann do leabhar a roghnú ar scáileán rÃomhaire, agus do rogha clúdach chomh maith! Ansin clóbhuailfear agus clúdófar ar an láthair duit é – taobh istigh de leathuair a chloig.
Dála an scéil, bhà teácschomhrá Skype agam leis an mblagadóir Tom Raftery le linn dom a bheith ag scrÃobh an ailt seo. Is as an Spáinn do Pilar, bean chéile Tom, agus d’inis seisean dom gurb é an Béarla a bhÃonn á mhúineadh ag Dora na mBóthar do leanaà óga na tÃre sin.
- Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Your Words le Kelly Mueller (kellymueller.com).


