Líonra 12.5 - AnLionra.Com

Buail anseo chun éisteachta!

Seo é an t-alt – agus an clár - deireannach i sraith An Líonra Sóisialta.

Ní raibh sé riamh i gceist go mbeadh sé ina shruth síoraí cosúil le seirbhís nuachta, nó cúrsaí reatha. I ndáiríre, dheineas iarracht an tráthúlacht a sheachaint le linn an chláir.

In ionad sin, ‘sé an aidhm a bhí agam ná bunchúrsa oiliúna a chur ar fáil, cuid de phobal an líonra a chur in aithne do mhórphobal na Gaeilge, agus mapa bóthair a sholáthar don té a mbeadh suim aige níos mó a fhoghlaim.
Tae-Líonra
Leagadh amach clár oibre ráithe. Dhá seachtain déag, dhá théama déag, 59 clár raidio laethúil. 7 stáisiún raidio. Alt gach Aoine sa nuachtán seo. An méid a bhí le rá agam ar na h-ábhair seo, tá sé ráite. Ní gá cur leis.

Bhí an togra féin ina shampla den líonrú a bhí a mholadh aige. Dheineamar teagmháil. Loirgíomar tuairimí. Bhí comhrá againn: ar an bhfón, ar Skype, le teachtaireachtaí teács, le ríomhphost, ar an mblag, agus ar an ‘wiki’.

Ach níl deireadh leis an gcomhrá anois go bhfuil deireadh craolta. Cuirtear tús inniu leis an gchéad chéim eile sa togra seo.

An chuid den dtogra seo a craoladh ar an raidio, tá sé imithe le gaoth ón uair gur scaipeadh é. An chuid de a scríobhadh sa pháipéar nuachta, tá sé athchúrsálta faoin am seo. Ní dócha gur chuir éinne i bhfráma é (d’éiríos féin as an nós sin).

Dá mba sna meáin sin amháin a bhí an tionscnamh seo, bheadh deireadh leis anois - ach ní h-amhlaidh atá. Gach a bhfuil foilsithe le trí mhí anuas, tá sé ar fáil i gcónaí ar an suíomh idirlín anlionra.com.

Tá súil agam gur chuidigh An Líonra Sóisialta le daoine a raibh suim acu níos mó a fhoghlaim faoi phobail an idirlín. Tá súil agam go mbeidh sé ina chabhair fós amach anseo de réir mar a chuirfidh níos mó daoine suim sna h-ábhair seo.

Tá an cartlann iomlán ar fáil, agus tá sé scaoilte le ceadúnas Creative Commons (Attribution-NonCommercial) sa tslí is gur féidir é a ath-úsáid gan chead a iarraidh, faoi na coinníollacha seo a leanas:

    Creative Commons 2.5 Attribution-NonCommercial

  1. Creidiúint. Ní mór foinse an eolais (anlionra.com) a admháil.
  2. Úsáid neamh-thráchtála. Mura bhfuil tú ag déanamh airgid as án ábhar seo, ní gá cead ath-fhoilsithe a iarraidh orm (ach coinníoll 1 a bheith sásaithe agat). Má theastaíonn uait úsáid tráchtála a bhaint as an ábhar, is féidir socrú a dhéanamh.

Tá tuilleadh eolais ar an gcóras ceadúnaithe seo le fáil ag creativecommons.org.

Le h-imeacht aimsire, dár ndóigh, beidh an t-ábhar seo ag dul “as dáta”. Ach cá bhfios nach mbeidh cuid de ina chabhair do dhuine éigin, uair éigin? Is ar éigin a chosnóidh sé faic ormsa an suíomh a choimeád beo, ar a laghad go ceann bliana ar aon nós.

Tá tograí eile beartaithe agam: tuilleadh scríobhóireachta, tuilleadh craoltóireachta, tuilleadh gaeilgeoireachta. Cad eile a dhéanfainn? Ach déanfaidh mé iarracht an uair seo an comhrá a bhogadh ar aghaidh ón mbunchéim. Más gá dom tagairt do chúlra scéil eigin, cuirfidh mé nasc go dtí an leathanach cuí ar anlionra.com, nó ar suíomh éigin eile. Cuimhnímís go bhfuil meitheal beag i mbun oibre ar líonra sóisialta na Gaeilge – agus tá sé ag méadú an t-am ar fad. An bhfuil blag breá Ghary Uí Reachtabhair léite agat? roinntsmaointe.blogspot.com – is fiú go mór é.

Dála an scéil, ní mór an seans atá faighte agam fós féachaint ar shraithchlár úr TG4, Aifric. Ach táim an-thógtha leis an suíomh idirlín aifric.tv. Bebo bréagach atá i gceist agus a leathanach féin ag gach charachtar. An-smaoineamh!

3 Responses to “Líonra 12.5 - AnLionra.Com”

  1. Retreat « Edgecast Says:

    […] The 5 episodes published this week review some of the series highlights and give me a chance to say thanks to those who contributed. Today’s episode expresses the hope that this material will continue to be of assistance to Irish speakers discovering the “Social Network”. In order to further this goal, the series archive has been licensed under a Creative Commons 2.5 Attribution-NonCommercial license. […]

  2. cehehi Says:

    An é sin éadromóg seacláide a fheicim taobh thiar den mhuga? Niumaí,niumaí! Éadromóg seacláide fíorúil. Nach blasta í, tá uisce ag teacht le m’fhiacla ag smaoineamh uirthi.

  3. cehehi Says:

    Tá dea-scéal agam do na daoine atá gan blag laethúil as gaeilge le léamh ós rud é nach bhfuil an líonrá ann na laethanta seo.

    Téigí go Lá: Nuachtán laethúil

    giota as:
    “Beidh leathanach blagadóireachta ag feidhmiú ar www.nuacht.com ón lá inniu ar aghaidh agus beidh fáilte agus fiche roimh gach aon moladh is cáineadh uaibh ansin.”

    Go mbé an lá ag “lá”.

Leave a Reply