Archive for the 'anlionra' Category

Líonra 12.5 - AnLionra.Com

Friday, December 15th, 2006

Buail anseo chun éisteachta!

Seo é an t-alt – agus an clár - deireannach i sraith An Líonra Sóisialta.

Ní raibh sé riamh i gceist go mbeadh sé ina shruth síoraí cosúil le seirbhís nuachta, nó cúrsaí reatha. I ndáiríre, dheineas iarracht an tráthúlacht a sheachaint le linn an chláir.

In ionad sin, ‘sé an aidhm a bhí agam ná bunchúrsa oiliúna a chur ar fáil, cuid de phobal an líonra a chur in aithne do mhórphobal na Gaeilge, agus mapa bóthair a sholáthar don té a mbeadh suim aige níos mó a fhoghlaim.
Tae-Líonra
Leagadh amach clár oibre ráithe. Dhá seachtain déag, dhá théama déag, 59 clár raidio laethúil. 7 stáisiún raidio. Alt gach Aoine sa nuachtán seo. An méid a bhí le rá agam ar na h-ábhair seo, tá sé ráite. Ní gá cur leis.

Bhí an togra féin ina shampla den líonrú a bhí a mholadh aige. Dheineamar teagmháil. Loirgíomar tuairimí. Bhí comhrá againn: ar an bhfón, ar Skype, le teachtaireachtaí teács, le ríomhphost, ar an mblag, agus ar an ‘wiki’.

Ach níl deireadh leis an gcomhrá anois go bhfuil deireadh craolta. Cuirtear tús inniu leis an gchéad chéim eile sa togra seo.

An chuid den dtogra seo a craoladh ar an raidio, tá sé imithe le gaoth ón uair gur scaipeadh é. An chuid de a scríobhadh sa pháipéar nuachta, tá sé athchúrsálta faoin am seo. Ní dócha gur chuir éinne i bhfráma é (d’éiríos féin as an nós sin).

Dá mba sna meáin sin amháin a bhí an tionscnamh seo, bheadh deireadh leis anois - ach ní h-amhlaidh atá. Gach a bhfuil foilsithe le trí mhí anuas, tá sé ar fáil i gcónaí ar an suíomh idirlín anlionra.com.

Tá súil agam gur chuidigh An Líonra Sóisialta le daoine a raibh suim acu níos mó a fhoghlaim faoi phobail an idirlín. Tá súil agam go mbeidh sé ina chabhair fós amach anseo de réir mar a chuirfidh níos mó daoine suim sna h-ábhair seo.

Tá an cartlann iomlán ar fáil, agus tá sé scaoilte le ceadúnas Creative Commons (Attribution-NonCommercial) sa tslí is gur féidir é a ath-úsáid gan chead a iarraidh, faoi na coinníollacha seo a leanas:

    Creative Commons 2.5 Attribution-NonCommercial

  1. Creidiúint. Ní mór foinse an eolais (anlionra.com) a admháil.
  2. Úsáid neamh-thráchtála. Mura bhfuil tú ag déanamh airgid as án ábhar seo, ní gá cead ath-fhoilsithe a iarraidh orm (ach coinníoll 1 a bheith sásaithe agat). Má theastaíonn uait úsáid tráchtála a bhaint as an ábhar, is féidir socrú a dhéanamh.

Tá tuilleadh eolais ar an gcóras ceadúnaithe seo le fáil ag creativecommons.org.

Le h-imeacht aimsire, dár ndóigh, beidh an t-ábhar seo ag dul “as dáta”. Ach cá bhfios nach mbeidh cuid de ina chabhair do dhuine éigin, uair éigin? Is ar éigin a chosnóidh sé faic ormsa an suíomh a choimeád beo, ar a laghad go ceann bliana ar aon nós.

Tá tograí eile beartaithe agam: tuilleadh scríobhóireachta, tuilleadh craoltóireachta, tuilleadh gaeilgeoireachta. Cad eile a dhéanfainn? Ach déanfaidh mé iarracht an uair seo an comhrá a bhogadh ar aghaidh ón mbunchéim. Más gá dom tagairt do chúlra scéil eigin, cuirfidh mé nasc go dtí an leathanach cuí ar anlionra.com, nó ar suíomh éigin eile. Cuimhnímís go bhfuil meitheal beag i mbun oibre ar líonra sóisialta na Gaeilge – agus tá sé ag méadú an t-am ar fad. An bhfuil blag breá Ghary Uí Reachtabhair léite agat? roinntsmaointe.blogspot.com – is fiú go mór é.

Dála an scéil, ní mór an seans atá faighte agam fós féachaint ar shraithchlár úr TG4, Aifric. Ach táim an-thógtha leis an suíomh idirlín aifric.tv. Bebo bréagach atá i gceist agus a leathanach féin ag gach charachtar. An-smaoineamh!

Líonra 12.4 - Fuaim & Fís

Thursday, December 14th, 2006


Líonra 12.3 - Fiona

Wednesday, December 13th, 2006
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Fiona Ní Chéirín

  • Súil siar ar an dtuairisc a dhein Fiona Ní Chéirín ar Focal.ie (Líonra 6.2)
  • Tá Fiona an-ghnóthach ó d’fhág sí an coláiste. Taobh amuigh de An Líonra Sóisialta, oibríonn sí ar 2 chlár le RTÉ, agus anois tá clár nua aici ar Tipp FM. Cuireann sí Pop Beo i láthair gach Satharn ar 20:00.
  • Ceol Podslán: If Every Day Were Christmas le Podsafe For Peace
  • Scairt amach do Fergus Ó Catháin, ó Raidio na Life

Líonra 12.2 - Súile Eile

Tuesday, December 12th, 2006

Líonra 12.1 - An gCloiseann Tú?

Monday, December 11th, 2006


Líonra 11.5 - Litríocht.Com

Friday, December 8th, 2006

Buail anseo chun éisteachta!

Níor chuir sé iontas ar bith orm ná raibh trácht cloiste ag na siopaí ceoil agus físe ar Dora agus Eachtraí an Mhapa. “Dora in Irish?”, arsa bean amháin agus d’fhéach orm ag tabhairt le fios go gceap sí go raibh an chiall caillte agam.

Níor thógas uirthi é. Go deimhin, ní raibh fhios agamsa go raibh Dora ar fáil i mBéarla go dtí go dtána uirthi i siopa na mbréagán lá, agus í ag spalpadh Béarla chomh maith leis an Spáinnis bhreá a bhíonn aici. (Sin ceist suimiúil má tá an freagra ag éinne. Múineann Dora focail Spáinnise do leanaí ar fud an domhain, ach an bhfeadar éinne cén teanga eachtrannach a mhúineann sí do Spáinnigh óga?)

Ní mar sin a bhí i Scéal Eile, an siopa leabhar is nuaí ar an saol i gContae an Chláir. Tá stór maith leabhar i mBéarla acu – agus chuirfeadh an rogha leabhar Gaeilge atá acu náire ar chuid des na siopaí móra thart fán gceantar seo.

Cinnte bhí trácht cloiste acu ar DVD Gaeilge le Dora. Go deimhin bhí ceithre chóip faighte acu an tseachtain seo chaite – agus díoladh iad go léir taobh istigh d’aon lá amháin.

Ní rabhadar ábalta a rá go cinnte, áfach, cathain a thiocfadh an chéad bheart eile isteach ó na soláthraitheoirí. Tá éileamh mór ar ábhar agus ar acmhainní an t-am seo den bhliain. Bhí siad sásta m’ainm a chur síos do chóip eile, ach dúirt leo gan bacaint leis, go raibh plean eile agam. Cheannaíos 6 nó 7 gcinn de leabhair leanaí agus d’fhág mé slán acu.

Dar liomsa go raibh an uain agus an chúis agam ar deireadh thiar, triail a bhaint as rud nach raibh deánta riamh agam: leabhair Ghaeilge a cheannach ar an idirlíon. Bhí a fhios agam cá ngabhfainn ag triall orthu.

Is é an mana atá ag an suíomh Litriocht.Com ná “Gach leabhar Gaeilge i gcló”. Ní amháin sin, ach tá roinnte mhaith ábhar fuaime agus físe acu chomh maith. Bhí sé fuirist a dhóthain dom DVD an taiscéalaí bhig a aimsiú ann, agus d’ordaíos dhá leabhar in éineacht leis.

Níor tugadh aon eolas dom maidir le cé chomh fada agus a chaithfinn fanacht dos na h-earraí seo – ach níl aon chúis go gceapfainn go mbeadh sé mí-réasúnta. Thóg sé 3 seachtainí ar bheart ó chomhlacht Meiriceánach mé a shroichint le déanaí – bheinn ag súil leis nach mbeadh moill mar sin ar leabhair Ghaeilge ó chomhlacht in Éirinn.

Ar aon nós, táim an-shásta leis an bpróiséas go dtí seo. Tá córas breá simplí sotuigthe acu le sonraí do chárta creidmheasa a líonadh isteach, agus tagann ríomhphost chugat ar an bpoinnte ag deimhniú an bhearta.

An bhfuil deireadh ré an ghnáth-shiopa leabhar, anois go bhfuil díoltóirí fíorúla mar seo againn? Níl an lá sin tagtha fós, ná baol de, más fíor do Cholmán Ó Raghallaigh ó Chló Mhaígh Eo. Bhí seisean ina aoí ar An Líonra Sóisialta againn an tseachtain seo agus d’inis sé dúinn go ndíolann a chomhlacht na mílte leabhar gach bliain tríd na bealaí dáilithe traidisiúnta. D’admhaigh sé go bhfuil méadú suntasach tagtha ar a ndíolachán idirlín i mbliana ach go h-áirithe, cé go n-áiritear fós sna “céadta” é.

Is deas an rud é siúl isteach i siopa agus na leabhair a láimhseáil, na leathanaigh a chasadh, toirt agus meáchan scéil a mheas i do láimh. Ach ainneoin an tsásaimh atá sa mhéid sin – níl aon bhaint ag na h-airíonna fisiciúla sin leis an litríocht.

Go deimhin, bhí an litríocht ann sara raibh cuimhneamh ar leabhair, ná fiú ar an scríobhnóireacht. Tá meas arís ar chultúr an bhéil – le fás na leabhar fuaime. Agus tá caint ar chóras nua a chuirfidh ar chumas do shiopa leabhar áitiúil, rogha an domhain mhóir a chur faoi do bhráid. Beidh tú in ann do leabhar a roghnú ar scáileán ríomhaire, agus do rogha clúdach chomh maith! Ansin clóbhuailfear agus clúdófar ar an láthair duit é – taobh istigh de leathuair a chloig.

Dála an scéil, bhí teácschomhrá Skype agam leis an mblagadóir Tom Raftery le linn dom a bheith ag scríobh an ailt seo. Is as an Spáinn do Pilar, bean chéile Tom, agus d’inis seisean dom gurb é an Béarla a bhíonn á mhúineadh ag Dora na mBóthar do leanaí óga na tíre sin.

Kelly Mueller

Líonra 11.4 - Seol

Thursday, December 7th, 2006

Líonra 11.3 - Teach Bán

Wednesday, December 6th, 2006

Líonra 11.2 - Leabhar.Com

Tuesday, December 5th, 2006
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Agallamh le Colmán ó Raghallaigh ó Cló Mháigh Eo
  • Léargas ar ullmhú na leabhar grafach An Táin srl.
  • Buntáistí an idirlín sa bhfoilsitheoireacht.
  • Dinnéar do Toby, arna fhoilsiú ag Cló Mhaigh Eo

  • Ceol Podslán: Fly Fly Fly le Adrina Thorpe
  • Ceannaigh leabhair Ghaeilge an Nollaig seo! Má tá sibh in Inis Dé Sathairn buail isteach go dtí “Scéal Eile” i Sráid an Mhargaidh thart ar 3pm nuair a sheolfar Aonach Leabhar Gaeilge na Nollag.

Líonra 11.1 - Cill Chainnigh

Monday, December 4th, 2006
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Ábhar na Seachtaine: Na hEalaíona
  • Pictiúr le Bernie Goldbach

  • Sliocht as podchraoladh i ngailearaí le Bernie Goldbach
  • Ceol Podslán: Emily Has Compassion Fatigue le 3 Blind Mice
  • Guth an Phobail! Tugtar cuireadh daoibh páirt a ghlacadh sa tseachtain deireannach den tsraith. Gaeilgeoirí an Idirlín - cá bhfuil ár dtriall? Glaoigh isteach agus fág teachtaireacht, go gcloisfear bhúr nglórtha. 087 2602205 (Éire) (201) 984 3419 (USA)