Archive for the 'seachtain06' Category

Líonra 6.4 - Comhbhailiú

Friday, November 3rd, 2006

Buail anseo chun éisteachta!

Níl an t-am agamsa don idirlíon.

‘Sé sin le rá: níl an t-am agamsa bheith ag cuardach agus ag tóraíocht an eolais atá uaim. In ionad sin, teastaíonn uaim go dtiocfadh an t-eolas chugamsa.

Is ar éigin gur cuimhin linn, uaireanta an dul chun cinn mór atá déanta ó laethanta tosaigh an ghréasáin. 10 mbliana ó shin, cé go raibh cuid againn an-thógtha leis, ní mór an t-eolas a bhí ar fáil air. Measadh go mbeadh sé ina áis fíor-mhaith, nuair a bheadh níos mó comhlachtaí agus eagraíochtaí ag cur eolais ar fáil tríd. Thiocfaidís, dúramar.

Ach níorbh iad an pobal mór sin ba thúisce a tháinig – ach lucht na drúise is an chearrbhachais. Agus d’fhág sin go riabh sé níos deacra ná riamh an rud a bhí uait a aimsiú (ach amháin sa chás gur drúis agus cearbhachas a bhí uait!)

Ansin, ba chuma chomh neamh-urchóideach agus a bhí na focail chuardaigh a d’úsáid tú, bhí cleas ag lucht na drúise chun go luafaí an suíomh acusan go h-ard sna torthaí. Chuir siad liosta mór focal coitianta i bhfolach ar a gcuid leathanach. Bhídís seo i bhfolach i gcód an leathanaigh uaireanta. Uaireanta eile, chuirfidís na focail ar aghaidh an leathanaigh féin, thíos aige bun, ach chuirfidís an dath céanna ar na litreacha agus a bhí ar chúlra an leathanaigh, d’fhonn is nach gchífeadh éinne iad ach na h-innill chuardaigh amháin.

Is ar éigin gur cuimhin linn anois é, ach is minic nach mbíodh ach dramhaoil sa cheád leathanach cuardaigh a chuirfí ar fáil duit, de bhar na caimiléireachta seo. Ach ansin, tháinig Google.

Tá leagan éigin de theicneolaíocht Google in úsáid anois ag nach mór gach aon inneall cuardaigh. ‘Sé sin, go gcuireann siad torthaí na gcuardach in eagar de réir “tabhacht” na leathanach. Measann Google an tabhacht atá ag leathanach ó líon na leathanach eile a bhfuil nasc acu leis. Áiríonn siad gach nasc mar “vóta”, don leathanach, agus meáitear gach vóta chomh maith, de réir tabhacht an leathanaigh óna dtagann an nasc.

Tugann Google PageRank ™ ar seo. Ní ó “leathanach” a thagann an t-ainm, ach ó ainm Larry Page, duine de fhondúirí Google.

Mar sin – tá cúrsaí cuardaigh athraithe ó bhun go barr – agus anois táimíd in ann an t-ábhar go bhfuil suim againn ann a aimsiú. Seo chugainn, más ea, an cheád chéim áisiúlachta eile san idirlíon: an comhfhoilsiú (syndication).

Abraimís go bhfuil suíomh aimsithe agat le Google, ar a bhfoilsítear go rialta eolas go bhfuil suim mhór agat ann (torthaí spóirt, an aimsir, praghas na dtithe i gcathair na Gaillimhe.) Is féidir leat filleadh ar an suíomh sin lá i ndiaidh lae, agus mura bhfuil uait ón idirlíon ach an t-eolas sin amháin ní chuirfidh sin aon stró ró-mhór ort.

Ach, abraimís go bhfuil scór seirbhís mar sin go bhfuil tú ag iarraidh a léamh gach lá. Anois tá badaráil agus trioblóid agat, bualadh cnaipí agus stiúradh luchóige ar thóir an eolais. Nárb fhearr go mór dá bhféadfadh na blúiríní eolais seo go léir a leathanaigh dhúchais a fhágaint agus teacht le chéile go saoráideach ar aon leathanach amháin?

Dealbh an chomhfhoilsithe RSSTugtar comhfhoilsiú ar an dteicneolaíocht a chuireann a leithéid ar fáil agus tá méadaithe go mór ar an úsáid atáthar ag baint as. Aon uair anois a chíonn tú an cnaipe beag oráiste leis na tonnta ag eascairt ó phonc-fhoinse lárnach, is comhartha é sin go bhfuil fotha (feed) comhfhoilsithe curtha ar fáil ag an suíomh sin. Agus má tá, is féidir an fotha sin a chomhbhailiú la fothaí eile i gcomhbhailitheoir (aggregator).

Tá comhbhailitheoirí maithe ag na suíomhanna bloglines.com agus newsgator.com, Tabharfaidh siad treoir duit conas do leathanach sainiúil pearsanta féin a chur le chéile, le do rogha féin fothaí nuachta agus eolais. Tugann Microsoft an deis duit do leathanach pearsanta féin a dhéanamh ag live.com, agus tá ard-mholadh faighte le déanaí ag an leagan is déanaí den Google Reader.

Mura bhfuil an t-am agat don idirlíon – is é an comhbhailiú an réiteach. Ó - agus seo rud eile: uaireanta cuirtear comhaid fuaime agus físe isteach sna fothaí sin. Tugtar podchraoltóireacht air sin – ach sin scéal eile!

  • Rogha Ceoil Phodslán na Seachtaine: Building Our Own Future le Howard Jones (PMN)
  • Toradh an Chomórtais Phodchraoltóireachta. T-Líonraí ™ buaite ag:
    • Pádraig Schaler
    • Aonghus ó hAlmhain
    • Iníon Ní Mhurchú
    • (Déanaígí teagmháil liom, le bhúr dtoil, le bhúr gcuid seoltaí poist!)
  • Sibhse atá ag an Oireachtas - bain sult as! Faraoir ní bheidh mé ann mar a bhíos ag súil leis.

An tseachtain seo chugainn: Mapaí

Líonra 6.3 - Cearta Digiteacha

Thursday, November 2nd, 2006

Líonra 6.2 - Focal.IE

Wednesday, November 1st, 2006
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Seoladh Focal.ie, bunachar sonraí téarmaíochta na Gaeilge an mhí seo chaite. Bhí Fiona Ní Chéirín i láthair.
  • I measc na ndaoine a bhí ag caint le Fiona bhí Úna Bhreathnach agus Michal Boleslav Mechura ó Focal.ie; Fidelma Ní Ghallchobhair ón gCoiste Téarmaíochta agus an Feisire Páirliminte Eorpaigh Seán Ó Neachtain.
  • Ceol Podslán: Baby Hates Me le Danko Jones.
  • “Conas a deirtear an t-ainm sin atá ort?” ;) Scairt ó mhuintir Podcasting.ie
  • Caith chugainn bhúr gcuid podchraoltaí!
    • 087 2602205 in Éirinn.
    • (201) 984 3419 i Meiriceá
    • eolas@anlionra.com (MP3)
  • Léarscáil an Líonra (Feách thall é - ar imeall an leathanaigh!). Fáilte roimh Keola, Pádraig, Seán agus Al.

Líonra 6.1 - TG4

Tuesday, October 31st, 2006

Lá Breithe Sona, TG4!

  • 10 mbliana, cothrom an lae inniu a chuaigh TG4 (Teilifís na Gaeilge) ar an aer, ar Oíche Shamhna 1996.
  • Cuirim agallamh ar leas-cheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha.
  • Tionscal na teilifíse Gaeilge agus an tionchar atá aige sin ar mheanma lucht na Gaeilge.
  • Ag iarraidh béasa a mhúineadh do Hiúdaí! ;)
  • Neamhspleáchas TG4 ó RTÉ, agus ceist a mhaoinithe.
  • “Tiocfaidh an lá, agus b’fhéidir gurb í an Ghaeilge an t-aon slat tomhais idirdhealaithe a bheás idir an stáisiún s’againne agus an chuid eile den domhain, agus b’fhéidir gur buntáiste mór dúinn é sin”
  • Stráitéis idirlín TG4. “Tá an doras cúil sin iompaithe amach ina dhoras tosaigh eile”

Pádhraic Ó Ciardha