Archive for the 'seachtain07' Category

Líonra 7.5 - Saol Eile

Friday, November 10th, 2006

Buail anseo chun éisteachta!

An tseachtain seo chaite ar An Líonra Sóisialta, craoladh agallamh le Leas-Cheannaire TG4, Pádhraic Ó Ciardha. D’fhéachamar siar ar éachtaí an stáisiúin ina chéad deich mbliana agus, i measc na spriocanna atá ag bainistíocht an stáisiúin don gchéad 10 mbliana eile, luaigh sé go raibh súil acu go bfhéadfaidís múineadh a chur ar Hiúdaí!

Má tá Hiúdaí feicthe riamh agat is dócha go mbainfidh san gáire asat. Is é Hiúdaí an beo-charachtaer deisbhéalach a “chuidíonn” le cur i láthair clár na bpáistí ar TG4. Agus ’sé an mí-mhúineadh an comhartha sóirt atá aige (bhuel - é sin agus an t-eireaball is dócha!)

Tá cead ag Hiúdaí a bheith níos dánaí ná a chomh-láithreoirí “daonna” mar is puipéad é. Is sean-thraidisiún drámaíochta é seo. Tá Dustin an Turcaí chomh dána céanna, gan trácht ar na sean-bhuachaillí gránna Podge agus Rodge! Téann an traidisiún siar go dtí Punch & Judy - agus tá sé preámhaithe go dlúth sna h-ealaíona traidisiúnta i dtíortha ar fud an domhain.

Tugtar cead agus saoirse don bpuipéad nach dtugtar go minic don aisteoir daonna, ainneoinn gur duine atá ag tarraingt na sreanganna.

Níl sreang ná cipín ag Hiúdaí, áfach - ná níl substaint féin aige! Nil ann ach scáil ar scáileán: íomhá beo ríomh-ghinte.

Mar sin, is mó an dealramh atá aige le h-abhatáir (avatars) an chórais Second Life, ná le Punch agus Judy.

‘Sé tá i gceist leis an bhfocal “abhatár” ná “ionadaí”: íomhá, nó dealbh, nó samhail a sheasann i gcomhair duine éigin - an té ar leis an abhatár.

Más ball de chlár plé idirlín tú, tugtar abhatár ar an íomhá beag a roghnaíonn tú le taispeáint in éineacht le d’ainm, in aice leis na teachtaireachtaí a scríobhann tú.

Mar shampla, úsáidimse pictiúr den droichead in aice le teach mo mháthar mar abhatár ar mo bhlag An tImeall.

Agus is abhatár chomh maith é an bréagán beag a roghnaíonn tú chun an turas a dhéanamh ar do shon thart timpeall ar chlár an chluiche Monopoly.

Má imríonn tú cluichí ríomhaire, beidh abhatár níos cumasaí agat. Beidh sé ábalta siúl agus féachaint timpeall. Beidh tú ábalta é a chur ag léim, nó ag troid.

Agus más MMORPG (Massive Multiplayer Online Role-Playing Game) é an cluiche sin - bhuel, ní bheidh aon easpa comhluadair ag d’abhatár!

Sin é más ea atá sa chóras Second Life: stáitse mór na bpuipéad!

Feidhmchlár is ea Second Life a chuireann tú ar do ríomhaire. Nuair a cheanglaíonn tú leis an idirlín é, nochtaítear tír samhailteach ós do chomhair amach ar an scáileán. Agus d’abhatár, mo ghraidhn é! Brúigh an cnaipe. Siúlann sé (tú?), isteach sa tír.

Tá saoirse an phuipéid agat sa tír seo. Ar mhaith leat damhsa? Ní bheidh éinne ag magadh fút! Ar mhaith leat eitilt? Tá an cumas sin ag gach abhatár in Second Life!

Ar mhaith leat a bheith níos airde, níos tanaí, níos dathúla? Ar mhaith leat riocht ainmhí a ghlacadh? Tá go leor furries in Second Life!

Ar mhaith leat rud éigin a chruthú? Ar mhaith leat foirgneamh a thógáil? Ar mhaith leat gáirdín a dhearadh? Cuir do shamhail i grích sa tsaol fíorúil seo - agus bain triail as.

An féidir leat rud éigin a shamhlú? Más ea - is féidir leat do shamhail a fheiscint i Second Life. Níl de dhíth ort ach am - agus airgead.

‘Sea, airgead! Íoctar in Dollair Linden. (Is é Linden Labs ainm an chomhlachta atá ina bhun). Ach ní airgead Monopoly é seo - tá malartán airgid ann inar féidir leat L$ a cheannach le US$!

Beartaítear US$500,000 ann gach lá agus tá an geilleagar ag fás le breis agus 10% in agahaidh na míosa.

Ní h-aon iontas más ea go bhfuil fógartha ag Comhchoiste Eacnamaíochta Chomhdháil na Stáit Aontaithe go bhfuil siad chun inúchadh a dhéanamh i dtaobh cáin a ghearradh ar an ngeilleagar seo.

Na puipéid bhochta! Is cuma cén tsaoirse atá agat, ní féidir éalú ón gcáin!

  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Running le Allison Crowe.

Allison Crowe i gColáiste na Tríonóide (pictiúr le Billie Woods)

Líonra 7.4 - GúgalDomhan

Thursday, November 9th, 2006
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Tuilleadh cainte le Justin McCubbin ar Google Earth.

Corcaigh ó 1000 troigh

  • Is as Baltimore, MD, USA do Justin ó dhúchas. Conas mar ar fhoghlaim sé Gaeilge.
  • Ceol Podslán: Firefly le Kevin Burdick.
  • Nuacht an Líonra le Fiona Ní Chéirín.

Líonra 7.3 - Frappr

Wednesday, November 8th, 2006
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Téann Fiona Ní Chéiríin i mbun fiosruithe ar na seirbhíse idirlín a bhaineann feidhm as léarscáileanna
  • N.B. Is feidhmchlár seachtrach é Google Earth. Ní oibríonn sé sa bhrabhsálaí. Ní mór é a shuiteáil ar do ríomhaire - ach is fiú é! Tuilleadh faoi Google Earth amárach le Justin McCubbin.
  • Ceol Podslán: Our Nights le Lovespirals
  • Léarscáil an Líonra (ar Frappr)
  • Cad é do mheas ar an stuif seo? Dein Teagmháil: eolas@anlionra.com, Glaoigh ar 087 2602205, nó (201) 984 3419 i Meiriceá.

Líonra 7.2 - Mapaí

Tuesday, November 7th, 2006
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Agallamh le Justin McCubbin, Cartagrafaí, ag plé seirbhísí léarscáile ar an idirlíon.
  • Ceol Podslán: Planetary Woman le Eoghan Colgan

Líonra 7.1 - Úirlisí na Samhlaíochta

Monday, November 6th, 2006
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Samhlú an saol mar atá le léarscáileanna
  • Saol Fíorúil Second Life

An tÉan Corr