Archive for the 'seachtain09' Category

Líonra 9.5 - Stocaireacht

Friday, November 24th, 2006

Buail anseo chun éisteachta!

‘Sé An Líonra Polaitiúil a bhí faoi chaibidil an tseachtain seo ar an gclár.

Shílfeá go bhfuil an t-idirlíon - agus an bhlagadóireacht ach go h-áirithe - saincheapaithe don ndíospóireacht pholaitiúil. Tá an deis agus an saoirse cainte céanna ag gach aon duine. Tá sé mar a bheadh fóram abhalmhór, nó halla an bhaile – ach níl aon duine fágtha ar lár de bharr go bhfuil siad ar imeall na gcríocha.

Má mheasann tú go dtugtar áird thar cuimse sna meáin traidisiúnta do thuairimí mhuintir Bhaile Átha Cliath 4 - bíodh sé fíor, nó ná bíodh - chífidh tú nach bhfuil aon chóid phoist ar an idirlíon. Go minic ní bhíonn ainmneacha ná sloinnte ach an oiread, ná cultacha éadaí, ná inscne, ná creideamh, ná dath craicinn.

Dár ndóigh, bíonn na h-airíonna sin ag na daoine atá ag díospóireacht ar an idirlíon, agus téann siad i bhfeidhm orthu agus ar a dtuairimí polaitiúla. Ach ní h-iad na rudaí is túisce a fheiceann tú agus tú i mbun cumarsáide leo. An chéad rud a fheiceann tú ná an argóint.

Dar le Mick Fealty, bunaitheoir mór-bhlag polaitiúil Tuaisceart Éireann Slugger O’Toole, is é bua mór a shuímh ná go gcothaíonn sé an plé agus an argóint seo i slí nach bhfuil ar siúl in aon áit eile. Cabhraíonn “cultúr” an tsuímh go mór, go h-áirithe an mana: “Gabh isteach ar an liathróid – chan ar an bhfear!” Ní h-aon iontas go bhfaigheann Slugger O’Toole breis aguis 5,000 cuairteoir in aghaidh an lae.

Tá agallamh fada le Mick le clos i bpodchraoladh an lae inné ar anlionra.com.

Labhraíomar le duine eile de mhuintir Uí Thuathail an tseachtain seo chomh maith! Sin é seanadóir neamhspleách Ollscoil na hÉireann, Joe O’Toole. Tá seisean ag baint úsáid as an líonra sóisialta chun cumarsáid lena “dháilcheantar domhanda”: céimithe na hOllscoile. Ach ní ag blagadóireacht atá sé in aon chor, ach ag podchraoltóireacht. Foilsíonn sé podchraoladh úr gach Aoine faoin dteideal My Week, This Week agus tá sé ar fáil ag an suíomh joeotoole.net.

In eagarfhocal an lae inné sa nuachtán seo deineadh trácht ar an gconspóid faoin méid a dúirt an Seanadóir O’Toole faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Arsa an t-eagarfhocal:

“Faraoir ní raibh an t-árdán céanna ag Dáithí Mac Cárthaigh, iarrthóir don Seanad agus uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, a d’fhéadfadh freagra a thabhairt ar chaint an tSeanadóra ar Nuacht a hAon ar RTÉ inné”

Is cinnte go bhfuil árdán ag an Seanadóir ar mheáin traidisiúnta na tíre seo. Ach nach bhfuil sé suimiúil, mar sin féin, an meas atá á léiriú aige ar na módhanna nua cumarsáide? B’fhéidir go bhfuil ceacht ansin do lucht na Gaeilge, nó d’éinne a bhraitheann go bhfuil siad fágtha ar an ngannchuid ag na mór-mheáin chumarsáide?

Agus olltoghchán na bliana seo chugainn sa deisceart ag teannadh linn, tá iarrachtaí ar leith ar siúl chun súáilcí an líonra sóisialta a chur i bhfeidhm sa stocaireacht. Tá an suíomh irishelection.com ag dul ó neart go neart, leis na céadta alt ó breis agus leathchéad blagadóir atá ag glacadh páirte ann. Agus tá smaoineamh nua ag Simon McGarr ó tuppenceworth.ie: comórtas “viral video” a chur chun chinn d’fhonn daoine a spreagadh chun a gcuid físeanna stocaireachta féin a dhéanamh agus a scaipeadh ar leithéidí youtube.com.

‘Sí an aidhm ar chóir a bheith ag na físeáin seo ná go mbeidís chomh taitneamhach suimíúil agus go scaipfí “ar nós víris” iad - agus a dteachtaireachtaí polaitiúla in éineacht leo.

Buíochas le Dia agus Michael Dí, níl aon easpa scileanna teilifíse i measc lucht na Gaeilge sa tír seo anois. Meas tú an dtabharfaidh éinne an dúshlán chun cás na Gaeilge agus Acht na dTeangacha a chur chun cinn go cliste, cumasach i bhfíseán víreasach?

  • Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: I Do le Rob Costlow (www.robcostlow.com)
  • Comórtas na Seachtaine: Buaigh dlúthdhiosca Clea
    • Cén sloinne atá ar Simon, breitheamh X-Factor?
    • Seol an freagra, go dtí eolas@anlionra.com, nó teács 087 2602205 nó, i Meiriceá, glaoigh ar (201) 984 3419.

Líonra 9.4 - Slugger O’Toole

Thursday, November 23rd, 2006
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Agallamh le Mick Fealty ó sluggerotoole.com.
  • Is é Slugger O’Toole príomh-bhlag polaitiúil Tuaisceart Éireann.
  • Faigheann sé breis agus 5,000 cuairteoir gach lá.
  • “Gabh isteach ar an liathróid - ní ar an bhfear”
  • Nuacht an Líonra, le Fiona Ní Chéirín.

Líonra 9.3 - Guth an Phobail

Wednesday, November 22nd, 2006
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Agallamh le Ciarán Quinn ó guthanphobail.net.
  • Tá torthaí vótála na sean-thoghchán léirithe ar a shuíomh: mionsonraí gach comhaireamh sna dáilcheantracha éagsúla.
  • Tá inneall réamhaithris aige. Cuir isteach torthaí na pobalbhreithe is déanaí go gchífidh tú an toradh a d’fhéadfadh a bheith ag an tacaíocht sin ar chomhshuíomh na Dála.
  • Buíochas le Focal.ie a thug an téarmaíocht cheart dom! Ionadaíocht Chionmhar, Aonvóta Inaistrithe.
  • Ceol Podslán: Sound Scientist le Bill

Líonra 9.2 - Joe O’Toole

Tuesday, November 21st, 2006
    An Seanadóir Joe O'Toole

  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Agallamh le Joe O’Toole, Seanadóir agus Podchraoltóir
  • Modh oibre Joe, mar a dheineann sé a chuid podchraoltóireachta.
  • Deineann sé gach aon rud é féin: scríobh agus cur i láthair, taifeadadh agus léiriú, agus foilsiú ar an idirlíon.
  • “Seo é an chéad uair le ceathrú céid anuas go raibh píosa teicneolaíochta tagtha chugainn a chuireann chun cinn pearsantachta an duine féin.”
  • Baineann sé úsáid as an dteicneolaíocht chun cumarsáid a dhéanamh lena “dháilcheantar domhanda”. (Tá Joe tofa ag céimithe Ollscoil na hÉireann.)
  • Ceol Podslán: The Special Two le Lucy Evans.

Líonra 9.1 - Download It

Monday, November 20th, 2006
  • Buail anseo chun éisteachta!
  • Ábhar na seachtaine seo: An Pholaitíocht
  • Ceol Podslán: Download It le Clea
  • Clea

  • Comórtas: Buaigh dlúthdhiosca Clea: Trinity
    • Freagair an cheist seo: Cén sloinne atá ar Simon - an breitheamh mí-thrócaireach ar X-Factor agus American Idol?
    • Seol an freagra, go dtí eolas@anlionra.com, nó teács 087 2602205 nó, i Meiriceá, glaoigh ar (201) 984 3419.
    • Spriocdháta: 1ú Nollaig
  • Guth an Phobail: Go raibh maith ag Céhéhí. Comhgháirdeachas le hAonghus, le hUta agus lena gclann - Buíochas le Proinsias as scéal suimiúil an Mechanical Turk.
  • Beidh mé ag tabhairt Leácht ar “An Líonra Sóisialta: An Ghaeilge Ar an nGreásán” anocht in Ollscoil Luimní, ar 19:30 i Léachtlann John Holland. Fáilte roimh chách!