Lá Saoire Inniu
Monday, October 30th, 2006Tá sé ina lá saoire bainc. Ní chraolfar aon chlár inniu. Cloisfear Eagrán 6.1 amárach.
Tá sé ina lá saoire bainc. Ní chraolfar aon chlár inniu. Cloisfear Eagrán 6.1 amárach.
Oops! Scrios mé an suíomh seo inniu!
D’éirigh liom an chuid is mó dó a fháil ar ais - ach tá na tráchtaireachtaí a bhí scríofa agaibh fós ar iarraidh - agus ní fheadar ach go bhfuil rudaí eile briste chomh maith.
Má chíonn sibh aon rud atá mícheart, abair liom é, le bhúr dtoil. Scríobh anseo sna tráchtaireachtaí ar an mír seo é.
Táim glan scuabtha as mo mheabhair dár ndóigh. Sin é an t-aon mhíniú atá agam air.
Shílfeadh éinne go bhfuil mo dhóthain cúram orm. Beirt chlainne agus postanna lán-aimseartha agam féin agus ag bean an tí seo. Sin é mar atá ag mórán daoine sa lá tá inniu ann, dár ndóigh, ach tá post lán-aimseartha eile agam chomh maith: An Líonra Sóisialta.
Tá cleasanna agus straitéisí éagsúla agam chuige seo, mar shampla: ní chodlaím. Ach is é an rud is mó a chuidíonn liom ná an “oifig so-ghluaiste”.
Nílim chomh so-ghluaiste agus ar mhaith liom a bheith: tá córas stiúidíó agam do An Líonra Sóisialta. Ach tá cláracha déanta agam go h-iomlán ón mbóthar: taifeadadh, eagarthóireacht, uaslódáil agus foilsiú. Agus is cuma sa stiúidíó nó ar an mbóthar mé: braithim go mór ar an bhfón póca.
Bhíos in oifig an dochtúra le mo mhac Dé Céadaoin nuair a tháinig an bíp-bíp ar an bhfón. “Sin é an saoiste ag fiafraí cá bhfuil tú!” arsa an dochtúir agus é ag gáire. Ach ní h-amhlaidh a bhí, ach scata teachtaireachtaí téacs ag insint dom go raibh daltaí Choláistí Eoin agus Íosagáin i mBaile Átha Cliath ag scríobh tráchtaireachtaí ar AnLionra.Com!
Tugtar an bedouineachas ar seo – agus tuairiscíonn Om Malik go bhfuil sé ina chloch choirnéil ag cuid de chomhlachtaí úra Silicon Valley. D’fhág an Gael-Mheiriceánach Niall Kennedy a phost le Microsoft le déanaí chun dul i mbun oibre dó féin. Níl d’oifig aige ach ríomhaire glúine – agus oibríonn sé sa bhaile nó i gcaiféanna, nó in áit ar bith a oireann dó féin. Pléitear an bedouineachas agus ábhair eile sa phodchraoladh a dheineann siad le chéile: Om and Niall Podsessions.
Dár ndóigh, ní h-aon iontas an méid seo don aos óg. Éist leis an agallamh ar AnLionra.Com a dheineas le Breandán Ó hÉamhaigh, atá in a mhac léinn in Olscoil Luimní. Tá a charr ag Breandán, a fhón póca agus a ríomhaire glúine – agus leis na h-úirlisí sin tá sé in ann feidhmiú in áit ar bith.
D’fhéadfadh Breandán tuilleadh faoiseamh intinne a bheith aige mura mbeadh sé ag brath chomh mór ar na gúirléidí sin amháin. Is é an cúltacú príomh-riail an tsaoil siúil. Is féidir dlúthdhioscaí a dhéanamh le cóipeanna de chomhaid riachtanacha ach caithfidh tú cuimhneamh ar iad a bhreith leat. Nó is féidir úsáid a bhaint as “scamall” an idirlín, agus cúltaca a dheánamh ar sheirbhís stórála cosúil le box.net.
Is é box.net atá in úsáid againn féin inár n-oifig fíorúil. Fuair Fiona Ní Chéirín post lán-aimseartha le RTÉ i gCorcaigh, ach táimíd fós in ann comhoibriú ar An Líonra Sóisialta. Bainimíd úsáid as téacsanna, ríomh-phost agus glaonna gutháin, agus tá an t-idirlíon féin ina bhínse oibre againn agus sinn ag aistriú na gcomhad mór fuaime eadrainn.
Tugann an iris Wired.com an sainmhíniú seo ar an mbedouineachas mar straítéis ghnó: “Fáil réidh le sóchmhainní uile ghnólachta ach amháin na cinn atá riachtanach: na fostaithe agus na ceangailtí cumarsáide eatarthu.”
‘Siad na “ceangailtí cumarsáide” mar sin atá tabhachtach. Agus tá costas na cumarsáide so-ghluaiste ina cheist mhór. Tuairiscítear ar podcasting.ie gur beag an t-éileamh atá ar theachtaireachtaí pictiúir, nó MMS. Tá siad costasach, ag brath ar mhéid an phictiúir, agus ní oibríonn sé i gcónaí idir fóin agus idir líonraí éagsúla.
Is féidir “plean” ar chostas áirithe a cheannach do sheirbhísí 3G, agus do ábhar ar leith a roghnaíonn na comhlachtaí fón a chur ar fáil ar chostas seasta, ach is féidir le cumarsáid ar an ngáth-idirlíon a bheith an-daor le fón póca.
Is féidir cárta ceangail speisialta a cheannnach anois dod ríomhaire glúine a thabharfaidh ceangal idirlín duit trí chóras na bhfón póca ar chostas seasta, thart ar 50 euro. Agus má mheasann tú an ríomhaire glúine a bheith ró-throm duit, tabhair amach an SIM as an gcárta ríomhaire agus cuir isteach i bhfón póca é!
Agus tú ag scimeáil an ghréasáin, tarlaíonn sé go minic. Tagann tú ar leathanach suimiúil ach níl an t-am agat é a léamh anois. É sin, nó beidh tú ag iarraidh cuairt a thabhairt air arís i gceann seachtaine chun an nuacht is déanaí a fháil. “Fadhb ar bith”, a deir tú – “cuirfidh mé an nasc i dtaisce”.
Tá an áis seo ag gach aon bhrabhsálaí gréasán. Tugtar “Leabharmharcanna” air in Firefox, agus “Roghanna” in Internet Explorer. Sábháileann tú an nasc: “Add to Favourites”, agus is feidir an leathanach a aimsiú gan stró arís nuair is mian leat é.
Ach is minic sa lá tá inniu ann go mbíonn cuid mhaith daoine ag gabháil don idirlíon i níos mó ná áit amháin. Bíonn an t-idirlíon san oifig acu, bíonn sé sa bhaile, bíonn sé ar ríomhaire glúine, nó ar ríomhaire boise, nó fiú ar fón póca. Má thugann tú cuairt ar cháirde nó ar ghaolta, b’fhéidir go mbainfeá úsáid as ríomhaire leo siúd, nó dfhéadfá bualadh isteach go dtí café idirlín.
Na leabharmharcanna a shábháileann tú ar ríomhaire amháin, is ar an ríomhaire sin amháin a bheidh siad ar fáil feasta. Ní féidir le aon duine eile leas a bhaint astu ach amháin tusa – agus ní féidir leatsa an méid sin féin a dheánamh ach amháin ar an ríomhaire sin.
Tá módh ann, áfach,, chun an fhadhb seo a shárú. In ionad do leabharmharcanna a shábháil ar do ríomhaire, go h-áitiúil, is féidir iad a shábháil ar an idirlíon féin, le seirbhís cosúil le del.icio.us.
Mar shampla, is féidir torthaí mo chuid leabharmharcála féin a fheiscint ag del.icio.us/imeallach. Meascán mearaí is ea é – ar an gchéad sracfhéachaint: mearbhall m’intinne! Ach tá cabhair ar fáil ó chóras lipéadaithe del.icio.us, chun ciall agus eagar a chur ar na nascanna go léir.
Ní amháin gur féidir leat nascanna idirlín a shábháil ar del.icio.us, ach is féidir leat lipéid a chur leis na nascanna, ag déanamh cur síos agus rannú orthu. Mar shampla, féach na nascanna atá agam a bhfuil an lipéad “gaeilge” tugtha agam dóibh: del.icio.us/imeallach/gaeilge.
Níos fearr fós, féach ar del.icio.us/tag/gaeilge. Seo iad na suíomhanna go léir a shábháil úsáideoirí éagsúla del.icio.us leis an “gaeilge” mar lipéad orthu.
Is féidir lipéid a mheascadh. Mar shampla: del.icio.us/tag/gaeilge+music. Chím sliocht deas suíomhanna ansin. Cuid acu a shábháil mise, cuid acu a shábháil daoine eile. Tá suíomh le Éilís Kennedy ann. Tá sé tamall ó chuireas féin an nasc sin in del.icio.us. Cuireann sé i gcuimhne dom go dteastaíonn uaim a cuid dlúthdhioscaí a cheannach. Agus insíonn del.icio.us dom go bhfuil an suíomh sin marcáilte ag mo chara Keola Donaghy chomh maith – thall in Hawaii!
Tá i bhfad níos mó ná “leabharmharcáil” ar siúl anseo, más ea. Is saibhre an t-eispéireas idirlín agam leis an gné sóisialta seo ann. Ní fhéadfainn féin agus Keola a bheith níos faide óna chéile go fisiciúil ach, toisc an tsuim atá againn beirt sna h-ábhair cheánna, castar ar a chéile sinn go minic in deli.icio.us, agus in áiteann eile, mar shampla technorati.com/tag/gaeilge.
Sin é atá i gceist leis An Líonra Sóisialta. Sin é a bheidh faoi chaibidil againn sa tsraith nua raidio a sheolfar ar an 25ú Meán Fomhair. Beidh tuilleadh eolais ar suíomh an chláir anlionra.com. Agus más suim libh féáchaint thar mo ghualainn agus mé ag bailiú ábhar don tsraith nua, coinnigh súil ar an sruth nasc idirlín ag del.icio.us/imeallach/donlionra.